Cúlra / Scéal Bheairtle Broc
Is as Ros Muc é Beartla Broc. Bhíodh sé de nós ag Beartla Broc éalú amach as a theachín sa ngarraí i lár na hoíche agus dul isteach sa leabharlann mar gur breá leis a bheith ag léamh leabhair Ghaeilge. Nuair a bhíodh an leabharlann dúnta rachadh sé isteach agus chaitheadh sé an oíche ar fad istigh ann ag léamh gach cineál scéal deas... ach d'éalódh sé amach arís roimh éirí na gréine mar bhí a fhios aige go mbíonn gasúir óga na Gaeltachta ag iarraidh a bheith ag léamh na leabhair céanna i rith an lae! Lá amháin rug Peigí, an leabharlannaí ar Bheartla Broc istigh sa leabharlann go moch ar maidin. Chuala sí duine éigin ag srannadh go hard agus go leor gnúsacht aige! Rug sí ar scuab agus bhuail sí Beartla Broc bocht a bhí clúdaithe le leabhair ar an urlár! Lig an bheirt acu béic mór ard agus scanraíodh an t-anam as an mbeirt acu! Rith sí ina dhiaidh timpeall na leabharlanna isteach agus amach idir na seilfeanna ... Ní raibh a fhios ag Bearlta Broc cén chaoi le néalú! Is é an tuirse a leag amach an bheirt acu faoi dheireadh agus dúirt Peigí go scaoileadh sí leis dá gcuirfeadh sé slacht maith ar an leabharlann. Bhuel, nuair a bhí Beartla Broc réidh leis an obair bhí an áit chomh glan agus bhí slacht álainn curtha aige ar na leabhair ar fad. Rinne Peigí cupán caifé dó agus thosaigh Beartla Broc ag léamh scéalta deasa di! D'inis sé di gur breá leis na leabhair Ghaeilge ach nach mbíonn sé ag iarraidh bheith sa mbealach ar dhaoine i rith an lae. Ghlac Peigí trua dhó. Bhí sí an-sásta freisin leis agus an tslacht a chuir sé ar an leabharlann ... agus tar éis go leor comhrá agus cupáin caifé thug sí jaibín beag dó. Bhí Beartla Broc chomh sásta! Dúirt sé go dtabharfadh sé cuairt ar na leabharlanna i gConamara i rith an lae chun an deá-scéala a scaipeadh faoi na leabhair iontacha Gaeilge atá ar fáil agus chun labhairt leis na páistí faoi na leabhair is fearr leis féin.
"Bíonn sé uaigneach ag léamh istigh sa leabharlann leat féin san oíche, mar ní chasann tú le duine ar bith! Níl sé go maith do do shúile ach an oiread, agus ní maith liom a bheith ar an mbóthar sa dorchadas"! a dúirt sé le Foinse an tseachtain seo caite! "Táim i bhfad níos sásta anois", a deir sé. Tá jaibín faighte aige ag dul thart ó leabharlann go leabharlann i rith an lae ag obair agus ag glanadh (cé go mbíonn go leor puiteach air féin uaireanta) agus ag léamh na leabhair, do na gasúir. Tá sé an-sceitimíneach faoi na leabhair (agus toisc go n-ólann sé an iomarca caifé uaireannta, bíonn sé ag obair de ló is d'oíche ach is breá leis an jaibín nua! Bíonn ar cás taistil a iompar leis gach áit anois mar ní minic a bhíonn deis aige dul abhaile go dtí a theachín. Bíonn chuile chineál rud aige sa gcás seo!
Tá gliondar ar Bheartla Broc le tamall anuas mar go bhfuil i bhfad níos mó leabhair Gaeilge le fáil sna leabharlainn. Aithníonn sé cuid dá chairde sna leabhair freisin mar shampla, Micilín Muc, an Moncaí Dána agus Bran. Uaireanta freisin, imíonn sé ar thuras isteach sna scéalta chun labhairt leis na carachtair nó ar cuairt chuig tíortha áilne, agus tá focal draíochta aige chun é seo a dhéanamh ... Mhúin an Sionnach dó é!
B'fhéidir go bhfeicfidh sibh Beartla Broc ag obair leis lá éigin go luath sa leabharlann má bhreathnaíonn sibh go cúramach agus go n-inseoidh sé scéilín díobh!
Bígí ag faire!
D'fhoilsigh Beartla Broc a chéad leabhar i 2007, 'Beartla Broc agus na Focail Draíochta' agus tá an dara leabhar 'Bon Voyage' Beartla Broc ar díol faoi láthair chomh maith. Scéal agus ealaín sa dá leabhar ó Gwynneth Uí Ghaora.