Pléaráca Teo.
Eolas Áitiúil









Tithe Lóistín
Tithe Ósta, Siopaí & Peitril
Ollmhargadh, Oifig Poist,
   Banc AIB & Lotto

Bialann
Siopa Caifé
Heaicní/Mionbhus
Iascaireacht Locha
Séipéal
Féilte
Scoileanna
Ionad Oid. 2ú Leibhéal
Ionad Oid. 3ú Leibhéal
Ionad Breisoideachas Ros Muc
Ionad Fiontair
Comharchumainn
Uimhreacha Tábhachtacha
Rosmuc, Camus agus Cill Chiaráin Ceantar Ros Muc, Camus & Cill Chiaráin

Is paróiste amháin Rosmuc agus Camus atá scartha ó chéile ag cuan caol farraige, cuan Dhún Mánas. Sí abhainn Inbhear Mór a scarann ceantar Iorras Aithnigh, an áit a bhfuil Cill Chiaráin suite, ó Rosmuc. Sí an Ghaeilge teanga an phobail. Cé gur déanadh iarracht tionscalaíocht a mhealladh go dtí an ceantar thar na mblianta, sé an tionscail a bhí bunaithe ar acmhainní nádúrtha an cheantair is fearr a mhair. San am atá caite ba é an portach is mo a baineadh punt as, ag rith móna go hOileáin Árann agus Co an Chláir. Bhí traidisiún na bád seol go láidir sna trí cheantar. Ó 1957 i leith ba é an staisiún BSL i Scríb a bhí ag ceannacht na móna. Tá sé sin dúnta anois.

Tá monarcha Arramara i mbun proiseáil feamainne i gCill Chiaráin le blianta fada agus thugtaí an mhin go hAlbain ar bord steamer a thagadh go cuan Chill Chiaráin. Tá ag éirí go maith le tionscail na n-oisirí, sliogéisc agus feiliméireacht éisc. Tá na Coláistí Gaeilge ar cheann de na thionscail is faide sa gceantar. Taobh amuigh de thionscail na feamainne sí an fheiliméireacht an t-slí bheatha is mo a bhfuiltear ag brath air fós. Tá an ceantar caomhnaithe go maith agus neart iarsmaí staire agus seandálaíochta ann. I gCill Chiaráin tá tobar, leaba, cillín agus leacht Aifrinn Naomh Ciaráin. Sé an 9 Meán Fómhair lá an phatrúin. Sé Naomh Briocán atá luaite le Rosmuc. Tá baile, reilig, tobar beannaithe agus teampall ainmnithe don Naomh. Tugann daoine ó gach ceard den domhan cuairt ar Teach an Phiarsaigh i Rosmuc.

Tá cáil an cheoil agus amhránaíocht sean-nóis ar cheantar Iorrais Aithnigh agus tá an traidisiún sin an-láidir i gCill Chiaráin. Is é an scríbhneoireacht is mó a bhíonn luaite le Rosmuc. Tháinig go leor scríbhneóirí cáiliúla ón gceantar agus chuig an gceantar - Sean Phádraig Ó Conaire a scríobh i sean agus i nua lítríocht na Gaeilge, Pádraig Óg Ó Conaire, Colm Ó Gaora, Caitlín Maude, Criostóir Mac Aonghusa agus a mhac an t-iriseoir agus an scríbhneoir Proinsias Mac Aonghusa a chaithfeadh go leor ama sa gceantar. Spreag an áit agus an teanga an Piarsach chomh mór gur thóig sé teach i Rosmuc. Is ann a fuair sé údar cuid dá chuid scéalta.

I gceantar Chamuis tá Teach Mór Scríbe, an teach samhraidh a bhí ag Lord agus Lady Dudley . Tá óstán beag agus bialann sa teach seo anois. Bhí tithe samhraidh ag na Odlums, lucht an phlúir agus ag muintir Guinness sa gceantar freisin. Tá go leor siúlóidí spéisiúla sa gceantar, bóithre agus cosáin iargúlta le bruach locha, farraige agus sna cnoic.

Tithe Lóistín Cód & Uimhir Fón
Teresa Bn. Uí Chonaire, Gleann Chatha, Ros Muc 091-574139
Tí Mháire Seoige, Ros Muc 091-574147
Tithe Ósta, Siopaí & Peitril
Tígh Chlarke, Ros Muc 091-574152
Tí Mhico, Ros Muc 091-574121
Tígh Leavy, Áird Mhóir
Tígh Chadhain, Cill Chiaráin 095-33409
Ollmhargadh, Oifig Poist, Banc AIB & Lotto Suas
Tí Mháille, Ros Muc 091-574101
Tígh Mhic Donnchadha, Cill Chiaráin
Siopa an Chomharchumainn, Cill Chiaráin
Bialann
Tígh Leavy, Cill Chiaráin 091-574152
Bistro Tigh Chadhain, Cill Chiaráin 095-33409
Siopa Caifé
Radharc na Locha, Camus 091-574191
Heaicní/Mionbhus Suas
Colm Ó Mainnín, Ros Muc 091-574113
Heaicní Chamuis 091-572478
Club Taistil Shóisialta 091-574346
Iascaireacht Locha
Paddy Nee, Cumann Iascairí Locha, Ros Muc 091-574120
Séipéal
Ros Muc
Aifreann - Dé Sathairn 7.30 i.n. (Séipéal Ros Muc)
- Dé Domhnaigh 9.30 (Séipéal Ghoirt Mhóir)
   & 10.30 r.n. (Séipéal Ros Muc)
Féilte
Pléaráca - Deireadh seachtaine bainc na Bealtaine 091-574346
Féile Chóilín Sheáin Dharach - I Mí Feabhra.
Risteard Mac Aodh, Pléaráca Teo. 091-574346
Féile Currachaí Rosmuc - Deireadh mí Bhealtaine
Scoileanna Suas
Scoil Náisiúnta Mhuire, Turloch Beag, Ros Muc. 091-574312
Scoil Náisiúnta Bhriocáin, Gort Mór, Ros Muc. 091-574303
Scoil Náisiúnta Naomh Ciarán, Cill Chiaráin. 095-33613
Scoil Náisiúnta Na h-Áirde Móire. 095-33602
Scoil Náisiúnta Leitir Mucú, Camus. 091-572523
Scoil Náisiúnta Chamuis. 091-574366
Ionad Oideachais 2ú Leibhéal
Gairm Scoil na bPiarsach, Gort Mór, Ros Muc. 091-574100
Ionad Oideachais 3ú Leibhéal
Cursaí i dTeicneolaíocht Faisnéise & Na Dána
Áras Shorcha Ní Ghuairim, Ruisín na Mainiach, Carna. 095-32834
Ionad Breisoideachas Ros Muc
Gleann Chatha, Ros Muc. 091-574411
Ionad Fiontair
Pléaráca Teo., Cill Bhriocáin, Ros Muc 091-574346
Cumas Teo., Cill Bhriocáin, Ros Muc 091-574353
Comharchumainn Suas
Comharchumann Chonamara Thiar Teo., Cill Chiaráin. 095-33436
Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo.,
Loch Con Aortha, Cill Chiaráin. 095-33489
Uimhreacha Tábhachtacha
Doctúr Ros Muc & Camus 091-574107
Gardaí 091-574102
Sagart (Ros Muc) 091-574130
Sagart (Cill Chiaráin) 095-33403



Pléaráca Chonamara Teo., Ionad Fiontair, Ros Muc, Co. na Gaillimhe.
Uimh.Guthán: 091-574346/574021 Faics: 091-574346
R-phost:
plearaca@eircom.net

Cóipcheart © 2003 Pléaráca Chonamara Teo.