Pléaráca Teo.




Irisleabhar

Tá an iris "Pléaráca" ag teacht amach gach Fómhar ó 1991. Is cuid lárnach de fhéile bhliantúil Pléaráca Chonamara é foilsiú na hirise. Chomh maith le himeachtaí na féile a bheith fógraithe inti, bíonn altanna spéisiúla, grianghrafanna agus diaspóireachtaí foilsithe. Is minic ceisteanna conspóideacha a bhaineann le saol na Gaeltachta ardaithe san iris. Is féidir cóip den iris a ordú ó Phléaráca Teo.

Iris 'Pléaráca 2010'     Iris 'Pléaráca 2009'     Iris 'Pléaráca 2008'


Tonnta & Tonnta Eile Tonnta Eile Tonnta

Seo cnuasach saothar de chuid Ciorcal Scríbhneoireachta Phléaráca Teo. Tagann an Ciorcal faoi Chlár Litríochta agus Drámaíochta don Óige Phléaráca Teo. Siad Máire Holmes and Jackie MacDonncha a oibríonn leis na daoine óga sa Ciorcal Scríbhneoireacht. Tagann an maoiniú don chlár ó Ealaín na Gaeltachta agus ó An Chomhairle Ealaíon.

Leabhair Bheartla Broc

Sraith leabhair ghaeilge do pháistí bunaithe ar an gcarachtar Beartla Broc agus a chairde. Tá dhá leabhar go dtí seo: "Beartla Broc & na Focail Draíochta" agus "Bon Voyage Beartla Broc".
Sí Gwyneth Uí Ghaora a scíobh an leabhar agus a rinne an obair ealaíona.


IdirmnáIdirmhná

Foilseachán de shaothar bhanscríbhneoirí Rosmuc. Grúpa ban a bhí páirteach i gceardlann scríbhneoireachta cruthaitheach a d'eagraigh Pléaráca faoi stiúir an fhile agus an scríbhneora Máire Holmes. Tá filíocht, gearrscéalta, píosaí seanchais agus béaloideas na h-áite sa leabhar chomh maith le sean-phaidreacha agus sean-fhocail.

Cartaí Ócáidí

Tá Pléaráca ag reachtáil ceardlanna ealaíne 'péintéireacht uiscedhath agus ola" i Rosmuc agus i gCill Chiaráin do dhaoine fásta ó 1993. Bíonn na ceardlanna ar siúl ó Mheán Fómhair go Cáisc. Sí Gwyneth Wynn Uí Ghaora, ealaíontóir ón mBreatain Bheag ó dhúchas a bhíonn i mbun na gceardlann. Tá cártaí Gaeilge i gcomhar gach ócáid déanta de shaothar ealaíne na gceardlann. Tá na cártaí dhá ndíol faoi an teideal "An Scuab Fhraoigh".

Tá na cártaí ar díol sna Cybercaifé/Leabharlann Rosmuc agus sna siopaí áitiúla. Is feidir pacáiste de 10 gcárta a cheannacht díreach ó Phléaráca Teo. ar chostas €20.00.

Samplaí cartaí ócaidí




Pléaráca Chonamara Teo., Ionad Fiontair, Ros Muc, Co. na Gaillimhe.
Uimh.Guthán: 091-574346/574021 Faics: 091-574346
R-phost:
plearaca@eircom.net

Cóipcheart © 2003 Pléaráca Chonamara Teo.