Eagraíodh Pléaráca Chonamara don chéad uair i 1991, mar fhreagra ar thuarascáil a réitigh Breandán Ó hEithir do Bhord na Gaeilge ar "Stáid Láithreach na Gaeilge". Caint éadóchasach a bhí ann a dúirt go raibh an Ghaeilge ag saothrú an bháis agus go mbeadh sí marbh taobh istigh de dheich mbliana. Ghríos an méid a scríobhadh i dTuarascáil Uí Eithir faoin nGaeltacht, na heagraíochtaí pobail i nGaeltacht Chonamara teacht le chéile chun aird an phobail a tharraingt ar a raibh curtha i leith phobal na Gaeltachta sa tuarascáil.
Ba é Pádraig Ó Cosgartha as Carna a mhol féile mhór pobail a eagrú, féile a thabharfadh seans do phobal na Gaeltachta a gcultúr agus a dteanga a chéiliúradh agus a léireodh don saol mór go raibh Gaeltacht Chonamara beo beathaíoch. D'oscail Johnny Chóil Mhaidhc, file agus drámadóir, an chéad fhéile i gCamus ar an 6 Meán Fómhair 1991. Féile 10 lá ina raibh clár leathan imeachtaí ar muir agus talamh i ngach ceantar ó Charna go Bearna. D'éirigh chomh maith leis an gcéad fhéile gur socraíodh féile bliantúil a dhéanamh as.
Gach bliain bronntar, Gradam an Phléaráca ar phearsa difriúil mar comhartha ómóis agus aitheantais as an méid atá déanta ag an té sin thar na mblianta le cultúr agus dúchas Chonamara a chuir chun cinn. Dealbh den chorr-éisc é an gradam atá déanta as copar ag Liam Butler. Bíonn chuile dhuine ar bís go gcloisfidh siad cé air a bhfuil an gradam le bronnadh, mar go dtí go bhfógraíonn Cathaoirleach Phléaráca Teo., ainm an bhuaiteora bíonn an scéal faoi rún.
Sé Pádraig Tom Photch Ó Ceannabháin as Coill Sáile, Cill Chiaráin an chéad duine a bronnadh an gradam air.
An Chorr-Éisc
Máire Fhada is coitianta a tugtar i gConamara ar an gCorr-Éisc. Sí an chorr-éisc an Ballerina i measc na n-éan. Tá sí ard le cosa fada buí, clúmh liath agus cleití fada bána.
Tagtar trasna go minic ar an gcorr-éisc san ealaín Cheilteach. Sna finnscéalta Ceilteacha, tá an chorr-éisc ceangailte le cruthú saoil nó beatha. In áiteacha eile breathnaítear ar an gcorr-éisc mar thuar maith. I gcultúr na dtíortha a bhfuil sí le fáil, déantar ceangal idir an chorr éisc agus sástacht, fiosracht nó críonnacht. Tá sí mar shamhail in áiteacha ar anamnacha an domhain nó ar Chríost ar Chnoc na nOlóg. Samhailtear freisin go bhfuil baint ag an dath liath le aithrí agus ag bán le neamhurchóideacht. Deirtear gur cosúlacht droch aimsire é nuair a bhíonn corr éisc ag eitilt go h-ard.
Cuireann Pléaráca béim ar imeachtaí don Óige le linn na féile. Gach samhraidh, reachtáiltear Campaí Samhraidh do na haoisghrupaí ó 6 - 12 bliain. Is gníomhaíochtaí cruthaitheach ar fad a déantar sna campaí samhraidh.
Déanann Pléaráca go leor oibre i gcomhar leis na
hiarbhun-scoileanna agus na bunscoileanna i gConamara. Reachtáiltear Clár Drámaíocht & Litríocht don Óige, Fuint Focal, Bricíní, Ciorcal, RéaltÓga, Beartla Broc & srl.
I mbliana (2009) don cúigiú bliain as a chéile le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon, tá Pléaráca ag cur Clár Dramaíochta & Litríochta ar bun sna bunscoileanna agus iarbhunscoileanna i gConamara.
Pléaráca Chonamara Teo., Ionad Fiontair, Ros Muc, Co. na Gaillimhe.
Uimh.Guthán: 091-574346/574021 Faics: 091-574346
R-phost: plearaca@eircom.net
Cóipcheart © 2003 Pléaráca Chonamara Teo.