Pléaráca Teo.
Seirbhísí











Cybercaifé & Leabharlann

Oscailt Oifigiúil An Caifé Cabach

Is le deontas faoi an scéim CAIT (Community Application of Information Technology) a bunaíodh an cyber caifé, An Caifé Cabach i 2001. Bhí VTOS Rosmuc páirteach le Pléaráca sa togra agus is iad a chuir traenáil ar fáil i gcomhar úsáid an idirlín agus e-phost. Fuair an eagraíocht tacaíocht ó Chumas Teo a chuir ar a gcumas an tseirbhís a bheith ar fáil don phobal tráthnóna agus ag an deireadh seachtaine.

Leabharlann

Togra pílóiteach atá anseo idir Leabharlann Taistil Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus Pléaráca Teo. Tá réimse maith leabhar Gaeilge agus Béarla ar fáil do gach aois ghrúpa. Is le tacaíocht ó Leabharlann Taistil Chomhairle Chontae na Gaillimhe a cuirtear é seo ar fáil.


Tacaíocht

Tacaíocht do dhaoine Homógnéasacha & a Muintir

Bhfuil do ghasúr Homógnéasach nó Leispiach?
Tá comhairle agus eolas le fáil faoi na seirbhísí tacaíochta is gaire.

Pléaráca Teo. Comhairle agus Eolas - Meta Uí Mháille 091-574346
Galway Gay Helpline (Dé Máirt & Déardaoin 7.30-10.00 i.n.) 091-566134
Galway Lesbian Line (Dé Céadaoin 8.00-10.00 i.n.) 091-564611
Gay Information Cork 021-4271087
Cork Lesbian Line

021-4254710
www.gayswitchboard.ie

parentssupport@ireland.com

01-8721055

Gay Community News

Páipéar mísúil saor in aisce
don phobal aerach.
01-6719076

Outhouse 105 Capel St., Dublin 1. 01-8734932/
     8734933
E.V.E.


5 Capel St., Dublin 1.
(Dé Luain 9.30-12.30 i.n.)
eve.info@ireland.com
01-8720460



London Irish Gay Helpline


0044-208-9834111
London Lesbian
      Gay Switchboard
0044-207-8377324























An Gréasán Pobail in Aghaidh Foréigean Baile

Forbairt Pobal

Cuireann foréigean baile as do dhaoine ó gach aicme, aois, cúlra, creideamh, gnéas agus cultúr. Bunaíodh an Gréasán Pobail in aghaidh Foréigean Baile i 2001.

Tá Pléaráca páirteach sa ngréasán ón tús agus sé an aidhm atá againn ná:

  • tacaíocht agus eolas a chur ar fáil do dhaoine a bhíonn ag fulaingt foréigean baile.
  • Seirbhísí tacaíochta agus eolais a chur ar fáil go h-áitiúil.
  • Eolas a scaipeadh faoi na seirbhísí atá ar fáil go h-Áitiúil, go Réigiúnach & go Náisiúnta.
  • Feachtais eolais a eagrú go h-áitiúil le áird an phobail a tharraingt ar an gceist.
  • Léargas a thabhairt ar céard is cúis le foréigean baile agus díriú ar bhealaigh éifeachtach le déileáil leis.
  • Cleachtais a chothú a chinnteoidh comhionannas do gach duine.

Tá an tseirbhís a chuireann comhairle agus eolas ar fáil don phobal rúnda. Tá comhairle agus eolas le fáil faoi do chearta agus faoi na seirbhísí tacaíochta is gaire.

Foréigean Baile "Níl" aon áit sa bPobal dó.

Pléaráca Teo. Comhairle agus Eolas - Meta Uí Mháille 091-574346
Seirbhísí Waterside House Refuge & Support Services 091-564983
Galway Rape Crisis Centre 1850-355-355 / 091-564983
Womens Aid - Líne tacaíochta 1800-341900
Domestic Violence Response 091-866740
Safeireland www.safeireland.ie







Taisteal Tacaíocht Féilte & Imeachtaí Áitiúila

Cuireann Pléaráca seirbhísí oifige agus cuntasaíocht ar fáil do Choiste Fhéile Chóilín Sheán Dharach. Cuireann siad seirbhísí oifige ar fáil do Fhéile Currachaí Ros Muc freisin.

Seirbhísí eile

  • Clár Ealaíona don Óige.
  • Campaí Samhraidh.
  • Turais Eolais.
  • Cruinnithe Eolais.
  • Ceardlanna agus imeachtaí sóisialta.
  • Seirbhísí Oifige - rúnaíochta, CV, fótócoipeáil agus faics.
  • Trealamh fuaime ar cíos.



Pléaráca Chonamara Teo., Ionad Fiontair, Ros Muc, Co. na Gaillimhe.
Uimh.Guthán: 091-574346/574021 Faics: 091-574346
R-phost:
plearaca@eircom.net

Cóipcheart © 2011 Pléaráca Chonamara Teo.