Ailt ó Irisí an Phléaráca

Teideal

Ailt ó Irisí an Phléaráca

Cur Síos

Bhí Iris an Phléaráca – a foilsíodh gach bliain idir 1991 agus 2014 – mar chuid lárnach d’Fhéile an Phléaráca. Tá ailt spéisiúla sna hIrisí faoi chultúr, faoi stair, agus faoi shaol an phobail i gConamara agus in Árainn. Chuir lucht acadúil, polaiteoirí, scríbhneoirí, taighdeoirí agus saineolaithe eile peann le pár faoi théamaí ilghnéitheacha; i measc na dtéamaí sin tá: na báid agus an bhádóireacht, an béaloideas agus nósanna na ndaoine, stair agus polaitíocht an cheantair agus, dar ndóigh, an Ghaeilge agus saol na Gaeilge. Tá leaganacha scanta de na hailt sin go léir cruinnithe sa mbailiúchán seo.

Míreanna an Bhailiúcháin

Eagarfhocal na hIrise
Ní thuigimid luach ruda go mbíonn orainn scaradh leis nó go bhfeicimid é ag feo os ár gcomhair. Nuair a bhí timpeallacht ghlan shláintiúil againn, níor smaoinigh mórán againn ar a tábhacht. Mar gheall ar truailliú agus baol a scriosta,…

Todhchaí na Gaeltachta: Tuar agus Tairngreacht
Le tamall anuas níl áireamh ar na leabhair, na h-ailt is na tuarascálacha arbh í a dteachtaireacht chomónta go bhfuil an Ghaeilge ag cúlú agus ag meathlú chomh tréan, tapaidh sin sna ceantair Gaeltachta nach féidir a rá le siúráil go…

’I'll Never Go Back Now!’
Tá fiche bliain de mo shaol caite agam sa i nGaeltacht Chonamara agus Árainn, agus tá súil agam cibé saol atá i ndán dom a chaitheamh inti freisin. Cé go mbíonn ar shagairt dul san áit a gcuirtear iad, tuigeann formhór na n-easpag anois…

Raidió na Gaeltachta : Saor-Raidió Chonamara
Tá aithne agam ar fhear áirid a bhíodh ag dearbhú go síoraí dom i dtús na bliana 1969 nach raibh i gcaint faoi raidió Gaeltachta a bhunú ach caint gan chéill agus gurb éard a bhí le déanamh ó cheart feabhas a chur ar líon na gcláracha…

An Béaloideas agus an Pobal
Tá Gaeltacht na Gaillimhe ar cheann de na ceantair is tréine inar bailíodh béaloideas, rud a thugann le fios go raibh saibhreas thar an ngnáth ag baint leis an oidhreacht thraidisiúnta sa taobh seo tíre. Le céad bliain anois sa cheantar, tá…

Agallamh le Mícheál Ó Móráin
Chaith Micheál Ó Móráin 17 mbliain ar Chomhairle Chondae na Gaillimhe mar chomhairleoir de chuid Fhianna Fáil do thoghcheantar Chonamara. Níor sheas sé sa toghchán deireanach don Chomhairle Chontae. San agallamh seo le Peigí Ní Chonghaile,…

Beartla Breathnach as Scríb, Camus
Ba as Scríb, Beartla Breathnach, nó Beartla Pheter Jainín mar a b'fhearr aithne air. Bhí sé pósta le Nain Mháire Bhán agus bhí deichniúr clainne acu. Ba fear é Beartla a raibh cáil bainte amach aige mar lúth-chleasaí. Is ag caitheamh…

An Bád Mór
Ó chathair na Gaillimhe go Ceann Léime tá tuairim 250 míle de chósta, go leor de ina chuanta beaga agus móra, go háirithe ó Chuan Chasla siar. As an gcósta seo, d'fhás An Bád Mór agus a ghaolta, an ghleoiteog, an leath-bhád agus an…

Teach Mór na bhForbacha: 1585-1936
De réir pholasaí Surrender and Regrant Éilís 1 - Banríon Shasana (1558–1603) - ghéill Murchadha na dTua Ó Flatharta ó Chaisleán Achaidh an lúir in Uachtar Ard agus Ruairí Ó Flaithearta ó Chaisleán Mhaigh Cuilinn (seanathair an údair…

Clár na Féile: Pléaráca 1991
Clár na Féile: Pléaráca 1991.
Breathnaigh ar gach 314 mír