Báid agus Bádóirí

Ó foilsíodh an chéad Iris de chuid an Phléaráca in 1991, bhí báid, bádóirí agus cultúr na seoltóireachta mar théama leanúnach sna hIrisí. A bhuíochas d’údair cosúil le Pádraig Seoige, Máire Ní Chualáin agus, go háirithe, Ruaidhrí Ó Tuairisg, roinneadh leis an léitheoir eolas agus scéalta, stair agus seanchas faoi cheird, faoi chontúirt agus faoi dhraíocht na slí maireachtála seo.

Tugtar léargas sna hIrisí ar stair na bádóireachta sa nGaeltacht agus ar an úsáid a baineadh as na báid mar an príomh-mhodh taistil agus trádála sa gceantar. Tá scéalta spéisiúla iontu freisin faoi bháid mhóra na linne sin, ina measc An Tónaí, a tógadh in 1892, agus a bhí ag tarraingt an phoist as Gaillimh go hÁrainn, An Capall, a bhí ag tarraingt mhóna go Cinn Mhara, Baile Uí Bheacháin agus Árainn, agus Bád Chonroy, a bhí ag trádáil ó shiopa Chonroy i Ros Muc.

Tugtar spléachadh freisin ar úsáid na mbád sa lá inniu atá ann – idir gheallta agus rásaí na gcurachaí - agus tá tuairisc spéisiúil ar aistear seoltóireachta a rinneadh idir Siracusa agus Cloch na Rón. Tugtar léargas, freisin, ar chontúirt na ceirde, mar is léir ón iliomad tagairt atá sna hailt dóibh siúd ar bádh agus iad i mbun seoltóireachta.

Tá na hailt go léir a bhaineann leis an réimse seo tugtha le chéile sna naisc ar an leathanach seo.