Skip to main content

Eagarfhocal 1996: Freastal na Meán Gaeilge ar phobail na Gaeltachta

Coiste Eagarthóireachta an Phléaráca

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1996. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

An mhí seo chugainn seolfar dhá mheán nua i gConamara – an stáisiún nua teilifíse TnaG agus An Nuachtán - páipéar nua Gaeilge. Fáiltíonn muid ó chroí rompu agus molann muid misneach na ndaoine atá ag tabhairt faoin dá mheán nua. Thar aon rud eile, tá súil againn go n-éireoidh leo lucht féachana agus pobal léitheoireachta mór a bhuanú anseo i nGaeltacht Chonamara, cé go dtuigeann muid gur meáin "náisiúnta" go príomha a bheas iontu.

Is toradh é bunú TnaG ar fheachtas fada crua. Ó bunaíodh RTÉ ní raibh siad ag iarraidh nó in ann freastal ar riachtanais daoine a bhí ag iarraidh gasúir a thógáil le Gaeilge. Chuaigh daoine i bpriosún le aird a tharraingt ar a laghad Gaeilge a bhí i sceideal RTÉ ach níor chuir a n-íobairtí mórán athrú ar an scéal ná mórán náire ar RTÉ. B'é an craoladh bradach teilifíse ó Ros Muc i 1987, a chuir tús ceart leis an bhfeachtas a d'éiligh bealach teilifíse faoi leith sa nGaeltacht. D'éirigh leis an bhfeachtas agus is maith an scéal gur sa nGaeltacht atá ceanncheathrú TnaG. Is ceist eile cén lucht féachana a mbeidh TnaG dírithe orthu? Ní Teilifís Ghaeltachta atá inti ach Teilifís Ghaeilge.

An Nuachtán le seoladh an chéad mhí eile chomh maith. Lorgaíodh iarratais ó ghrúpaí a bheadh sásta tabhairt faoi pháipéar seachtainiúl Gaeilge a fhoilsiú le cúnamh deontais ón stát, mar gur theip go tubaisteach ar an bpáipéar ANOIS freastal sásúil a dhéanamh ar phobail na Gaeltachta ná ar lucht na Gaeilge ach an oiread. Tá sé spéisiúl go raibh an cinneadh le déanamh sa deire ag Bord na Gaeilge idir dhá iarratas láidir ó Ghaeltacht Chonamara. Glacadh le iarratas Phádraig Uí Chéidigh. Guíonn muid gach rath air féin, ar an eagarthóir Breandán Delap agus ar an bhfoireann atá roghnaithe. Tá dúshlán mór rompu. Tá gach tacaíocht ag dul dóibh le go n-éireoidh leo pobal léitheoireachta rialta a aimsiú sa nGaeltacht seo.

D'éirigh le Raidió na Gaeltachta lucht éisteachta dílis a mhealladh sna ceantracha Gaeltachta mar gheall ar an aird speisialta a thug siad ar an nGaeltacht. Glacadh leis gur le freastal ar phobal na Gaeltachta go príomha a bunaíodh é. Léirigh suirbhé a deineadh cúpla bliain ó shin go raibh beagnach tri cinn as gach cheithre theach i nGaeltacht Chonamara ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta chuile lá. Is éacht a rinne foireann an Raidio lucht éisteachta chomh mór agus chomh dílis a bhuanú sa nGaeltacht. Bhí an foirmle agus an meascán ceart acu. Ní Gaeilge amháin a choinníonn pobal na Gaeltachta ag éisteacht leo.

Ach céard faoi TnaG? Tá córas craolta roghnaithe acu atá amaideach agus easpach. Cuireadh a mhalairt de chomhairle orthu agus ar an Aire, Michael D. Higgins. Níor glacadh leis an malairt comhairle agus ós rud é nár glacadh ní bheidh daoine in Iarthar na tíre - Conamara agus Oileáin Árann san áireamh - in ann an stáisiún nua a fháil mura gcuirfidh siad de stró nó de chostas orthu féin aeróg nua a fheistiú lena aghaidh. Tá idir £45 agus le £60 á iarradh ar dhaoine i gConamara faoi láthair leis an aeróg a theastaíonn a fheistiú. Ní chosnaíonn an aeróg féin mórán. Is féidir le duine ar bith ceann a cheannacht i nGaillimh ar £12. Is féidir le duine sa ghnó iad a cheannach ar £6 an ceann. Níl mórán scil ag teastáil le go bhfeisteodh daoine na haerógaí iad féin ach tá beagán stró ag baint leis. Ar ndóigh beidh TnaG le fáil gan stró ná costas in Oirthear na tíre, an ceantar is lú a bhfuil spéis ag daoine breathnú ar chláracha Gaeilge!

Cuid de na hoibrithe a thóg ceannáras TnaG.

Ó chlé: Micheál Mac Donncha, Máirtín Ó Conghaile, Máirtín Mac Donncha, Pádraig Ó Fátharta, Pádraig Ó Coirbín - cuid de na hoibrithe a thóg ceannáras TnaG. An mbeidh aon rud air ar ab fhiú dhóibh breathnú?

An mbeidh mórán teaghlaigh i gConamara, ná i gceantar ar bith eile, sásta dul i gcostas le aeróg nua le TnaG a fháil? An mbeidh mórán sásta an stró a chur orthu féin an aeróg a cheannach agus a fheistiú iad féin? An mbeidh cláracha ar an teilifís a bhfuil spéis acu iontu, le gur fiú dóibh an costas agus an stró? An mbeidh nuacht áitiúil ón nGaeltacht air? An mbeidh cláracha spóirt air, a chlúdóidh cluichí tábhachtacha Gaeltachta? An mbeidh irischlár ó na Gaeltachtaí éagsúla air? Mura mbeidh, cuma cé maith is a bheidh caighdeán na gclár, is deacair a cheapadh go mbeidh mórán sa nGaeltacht ag breathnú air, agus is trua sin. Déarfar nach bhfuil aon éileamh air sa nGaeltacht as a bhfuil sé ag craoladh, fiú. Déarfar gur cur amú airgid é. Déarfar go mbeadh sé i bhfad níos ciallmhaire agus níos saoire cur le líon na gcláracha Gaeilge ar Network 2. Beidh na daoine atá ina aghaidh in ann a éileamh go glórach go raibh an ceart acu.

Cé go bhfuil sé deireanach sa lá molann muid go láidir do RTÉ breathnú arís ar na socruithe craoltóireachta atá acu. Tá bealach teilifíse le spáráil ag RTÉ san Iarthar a ligfeadh dóibh TnaG a chraoladh, sa gcaoi is nach mbeidh ar dhaoine aeróg nua a cheannach is a fheistiú lena fháil. Dá mbainfí usáid as an mbealach sin chomh maith leis an mbealach atá socraithe acu bheadh fáil ag chuile theaghlach sa nGaeltacht ar TnaG ón gcéad lá.

Ba mhaith linne go mbeadh údar ceiliúrtha againne chomh maith Oíche Shamhna.

Eagarfhocal 1996: Freastal na Meán Gaeilge ar phobail na Gaeltachta