Skip to main content

Ros na Rún - freagra Sheosaimh Uí Chuaig ar alt Antoine Uí Fhlatharta san ‘Irish Times’

Seosamh Ó Cuaig

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1993. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Duine dínn féin é Antoine Ó Flathara. As Leitir Mealláin eisean. As Áill na Brún ar an taobh eile den chuan mise. Mar dhuine a chuir go láidir in aghaidh £300,000 d'airgead an Údaráis a chur isteach i Ros na Rún agus mar dhuine a d'eagraigh cuid mhaith den vótáil ina aghaidh is trua liom go gceapfadh Antoine gur locht ar bith a bhí againn air féin ná ar a chuid oibre mar níorbh ea ná tada mar é.

Ar bhonn prionsabail a chuir muid ina aghaidh i.e. gurb é dualgas reachtúil R.T.É féin a leithéid seo de chlár a dhéanamh agus má tá airgead le spáráil gur cheart é a chaitheamh le lámh chúnta a thabhairt do na comhlachtaí Gaeltachta teilifíse atá againn go dtí seo agus le tuilleamh de mhuintir na Gaeltachta a thraenáil ionas gurb iadsan a bheas i mbun agus i mbarr na seirbhíse nua atá ar an mbealach.

Sé RTÉ a íocann mo pháí-se chuile choicís. Tá mé chomh dílis dóibh leis an gcéad duine eile. Ach má tá is go bhfuil, ní thuigim fós cén fáth a mbeidís ag súil go gcaithfeadh an tUdarás airgead a chur isteach i sraith a raibh sé cruthaithe go mbeadh éileamh air. Bhí 400,000 duine ag faire ar na cláracha samplacha. Nach sílfeá gurbh leor sin le go gcuirfeadh RTÉ an t-airgead iomlán ar fáil, mar a dhéanfaidís i gcás cláir den chineál céanna i mBéarla?

Ar an taobh eile den scála, chuir na comhlachtaí Gaeltachta atá againn 32 clár ar fáil ar £7000 an clár. Níl aon obair anois aríst acu. Gheobhfadh muid 42 clár eile astu ar an £300,000 a bhí i gceist a chur isteach i Ros na Rún, sin dá mbeadh muid féin – an tÚdarás - ag íoc chuile phingin beo ar na cláracha. Dá mbeadh RTÉ sásta a ghabháil 50% sa gcostas linn gheobhfadh muid 84 clár nua ar £300,000.

Agus lena chois sin tá neart daoine le traenáil - thart ar 300 duine breise b'fhéidir. Cé as a dtiocfaidh siad sin mura mbreathnóidh an tÚdarás amach don scéal. Tabhair faoi deara a raibh le rá ag Lelia Doolan ar Film Ireland le gairid. Tá comhlachtaí i mBleá Cliath 'brushing up on their Irish', dúirt sí, agus iad ag fanacht leis an tseirbhís nua teilifíse. Dúirt pears acáiliúil eile le gairid gur éasca Gaeilge a mhúineadh do theicneoir ná teicneolaíocht a mhúineadh do Ghaeilgeoir ó dhúchas. Is éasca freisin ar ndóigh más leor dhá fhocailín bhacacha Gaeilge leis na caoirigh a chur thar an abhainn...

 Antoine Ó Flatharta.

Antoine Ó Flatharta

Is muide, a Antoine, Indiachaí Dearga na hÉireann. Tá fhios agam go bhfuil staideár déanta agatsa ar chuid de na reservations i Meiriceá. Chaith mé féin Lá Fhéil' Pádraig na bliana seo caite in éineacht leis na Sioux/i>, mar a tugadh orthu ar reservation Sisseton i South Dakota. An cheist mhór atá le socrú faoi 'Theilifís naGaeltachta' arb iad Indiaigh na Gaeltachta a bheas i gceannas nó an bhfágfar faoi na 'hAgency Men' é. Maidir le tábhacht na cathrach ní hé Washington príomh-áras na Sioux - Wounded Knee, déarfainn - agus ní hé Bleá Cliath príomhchathair an náisiún bhuailte arb iad Gaeilgeoirí dúchais na hÉireann é.

Ar aon chaoi is féidir a ghabháil ró-fhada le tábhacht cathrach. Ní i gcathair a bhunaigh Mao-tze-Tung a chumhacht ná Íosa Críost ach oiread. Ní sa gcathair a bhailigh Fidel Castro cumhacht chuige féin agus tá sé ann fós. (Tá súil agam go mbeidh freisin).

Ach fillfidh muid ar Ros na Rún. Ná cuirtear locht ar Bhord an Údaráis má tugadh le tuiscint do dhaoine a bhí le ghabhail ag obair ar Ros na Rún - aisteoirí cuir i gcás - go bhféadfaí a bheith cinnte go mbeadh airgead an Údaráis ar fáil, sin sula raibh sé pléite ag an mBord chor ar bith.

Agus seo fíric thábhacht ach eile: níl ionad do Cheannáras Theilifis na Gaeltachta socraithe fós agus ba mhaith go dtuigfí anois go bhfuil daoine ina gcónaí freisin idir an Spidéal agus Leitir Mealláin, gan trácht ar Ros Muc, Cill Chiaráin, Cárna srl...

Mar bhuille scoir, ná bíodh imní ar bith ort faoi do 'streetcred' i gConamara, a Antoine - chomh fada agus is eol domsa tá sé thar cionn. B'fhearr liom go bhfillfeá ar an 'reservation' ar ndóigh ach mura bhfillfidh féin tá súil agam go mbeidh tú ar fáil i gcónaí mar scriptscríbhneoir do Theilifís na Gaeltachta. Sé do leithéide atá ag teastáil.

Ros na Rún - freagra Sheosaimh Uí Chuaig ar alt Antoine Uí Fhlatharta san ‘Irish Times’