Skip to main content

Caster na daoine ar a chéile, ach ní chastar na cnoic

Meta Uí Mháille

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2011. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Clann Thomáis Shadhbh Ó hAllúráin as an Rosdubh, Ros Muc agus Neainí Tom Hynes as Snábó ag caint le Meta Uí Mháille.

Ó d'imigh an chéad duine acu ar imirce i 1948 ní raibh an cúigear deirfiúr seo ar fad in éineacht go dtí gur eagraigh siad a teacht le chéile agus saoire a chaitheamh in éineacht lena ndeirfiúr Máire i Ros Muc i 2009.

Bhí siad ag rá gur mhaith lena n-athair go rachfadh siad go Meiriceá, mar gur cheap sé go mbeadh saol níos éasca agus níos fearr acu ann. Bhí sé féin tamall i Meiriceá. Go Ceanada a chuaigh sé ar dtús áit ar chaith sé bliain sul má d'éirigh leis dul isteach go Meiriceá agus ba go Chicago a chuaigh sé.

Sarah Thomáis Shadhbh nó Sarah Casey

Mise an chéad duine den chlann a d'fhág an baile le dul ar imirce i 1948. Sé'n chaoi ar chuir m'aintín Julia litir abhaile ag rá go dtabharfadh sí duine againn anonn, agus piocadh mise.

Chuaigh mé go Meiriceá in Aibreán 1948, ní raibh mé baileach scór bliana. Chuaigh mé go Gaillimh ar an mbus, ar thraein go Luimneach agus as sin go Cóbh. Ní raibh aon duine in éineacht liom ach casadh dream orm i gCóbh a bhí freisin ag dul ar an mbád. B' fhéidir go raibh imní orm, ach bhí fhios agam go gcaitheadh mé imeacht agus go gcaithfinn a bheith láidir. Bhí mé dó nó trí de laethanta i gCóbh, sul má chuaigh muid ar an mbád, bád de chuid an Cunard Line.

 Sally Uí Ghiobúin (iníon Mháire) agus Briocán Bairéad (garmhac Mháire).

Sally Uí Ghiobúin (iníon Mháire) & Briocán Bairéad (garmhac Mháire).

 Ar chúl: Nóra, Bab agus Annie. Chun tosaigh: Sarah agus Máire.

Ar chúl: Nóra, Bab agus Annie. Chun tosaigh: Sarah & Máire.

Ansin chaith muid seachtain ar an bhfarraige, bhí mé tinn agus an chuid eile a bhí ar an mbád freisin. Landáil muid i New York ag a sé a chlog maidin Satharn. Bhí comharsan as an mbaile romham, Máirín Thomáis Mháirín, agus d'fhan mé leosan sna Bronx an oíche sin. Chuaigh mé ag an Aifreann ar maidin lá arna mháireach agus ansin fuair mé an traein go Chicago. Chaith mé an oíche ar fad ar an traein. Nuair a shroich mé Chicago bhí m'aintín ag fanacht liom. Ní raibh fhios agam cé hí féin ach bhí pictiúr agam di. Chuaigh mé abhaile in éineacht leí. Buíochas le Dia rinne mé an bealach.Tháinig na comharsain agus cairde thart ag an teach agus bhí an-lá againn. Ní bhfuair mé ró-dheacair é Béarla a phiocadh suas, bhí tú ag éisteacht leis chuile lá agus cés moite den chéad chupla lá, ní raibh mé i bhfad á phiocadh suas. Dúirt m'aintín nach mbeadh orm dul ag obair go ceann scaithimh, mí nó mar sin. An rud is mó an dearna mé iontas de, bhíodh chuile dhuine ag caitheamh hataí galánta a mbíodh bláthanna orthu. An chéad Domhnach a ndeachaigh mé féin ag an Aifreann bhí hata orm féin a raibh bláthanna air.

Máirtín Stephen Ó Conaire, Sarah Thomáis Shadhbh, Máire Thomáis Shadhbh & Micí Stephen Ó Conaire ar lá a bpósadh i Chicago.

Ó chlé: Máirtín Stephen Ó Conaire, Sarah Thomáis Shadhbh, Máire Thomáis Shadhbh & Micí Stephen Ó Conaire ar lá a bpósadh i Chicago. Siad Máirtín & Sarah a sheas leo.

Le comhlacht priondála a chuaigh mé ag obair ar dtús. I gcaitheamh an lae, i mo sheasamh ansin a bhínn ag an inneall priondála, bhí sé crua ar na cosa. Ní shin é a chleacht mise sa mbaile ach ag tarraingt fheamainne agus ag plé le féar agus chuile shórt obair mar sin. D'fhág mé é sin tar éis píosa, bhí mo dhóthain agam de, agus chuaigh mé ag obair le comhlacht drugaí Colsun Drug Co. agus d'fhan mé ansin go ndeachaigh mé abhaile i 1954, sé bliana ó d'fhág mé an baile ar dtús. Chaith mé trí mhí sa mbaile agus ansin chuaigh mé ar ais go Chicago. Casadh Harry orm ansin, Sasanach, as Manchester ach ba as Bleá Cliath a mhuintir. Henry a bhí air i Sasana, ach is Harry a tugadh i Chicago air. Harry a bhí air nuair a casadh ormsa é, phós muid agus tá cuigear clainne againn, beirt mhac agus triúr iníon [fuair Harry, fear Sarah bás le gairid, Beannacht Dé lena anam].

Bab Uí Nia

Chuaigh mise go Sasana i 1952. Bhí Nan Mhicil Pháidín anonn liom. Chuaigh muid go Londain agus bhí deirfúr Nan, Máire le bheith romhainn i Euston. Chuaigh muid ag ól tae agus cibé céard a tharla chuaigh muid amú ar bhealach éigin uirthi. Thóg muid tacsaí ansin ach níor thug sé sin ach píosa den bhealach muid, b'fhéidir go raibh sé críochnaithe ag obair, ní raibh fhios againne ní b'fhearr. Dúirt sé linn an bus fháil agus d'inis sé dúinn cén áit le theacht amach. Fuair agus m'anam go ndearna muid go maith, tháinig muid díreach go dtí an tsráid a raibh Máire ann, agus ní raibh fhios aici cé as a dtáinig muid. Bhí mé ag obair sa mbaile sula ndeachaigh mé go Londain. Anonn ar an mbád an Hibernia a chuaigh muid, ba í ba h-uafásaí, ó bhí sí go dona. Tar éis dom an Teic a fhágáil chuaigh mé ag obair leis an gcniotáil sa gColáiste Tin. Ach ar ndóigh bhíodh mé ag déanamh chuile chineál oibre ag baile. Ag cur is ag baint fhataí, plé le móin is chuile shórt mar sin, sin é an uair a raibh obair chrua ann. Ní raibh aon Bhéarla agam nuair a chuaigh mé anonn. Ní raibh aon imní mhór orm ag fágáil an bhaile, bhí mé óg aerach agus diabhal blas suime a chuir mé ann.

An chéad rud a bhí le déanamh agam tar éis landáil i Londain ná coupons a fháil le h-aghaidh beatha, bhí ration ar chuile rud ag an am. Chuaigh mé ag an oifig, "can i help you?" a dúirt an fear san oifig, d'inis mé mo scéal dó. Dúirt sé liom nach raibh siad in ann tada a dhéanamh dom nuair nach raibh litir ná passport ná tada agam, ach "séard is fearr duit a dhéanamh" a deir sé, "dul síos ag Teach an Phobail agus litir a fháil ón sagart". D'inis sé dom cá rachfainn agus lean mé an bealach mar a dúirt sé. Nuair a tháinig an sagart amach d' inis mé céard a thug anseo mé, go raibh litir ag teastáil uaim le go mbeinn in ann coupons ration fháil. D'fhiafraigh sé dom an raibh tada agam a thabharfadh le fios cé mé féin. Diabhal blas a bhí agam. ”I don't know you either”, adeir sé, “I can't help you". Ach mar sin fhéin thug sé litir dom.

Bhí an oiread oibre i Sasana an uair sin, ní bheadh tú in ann coinneáil suas leis. Mar nanny a chuaigh mé ag obair ar dtús. Dúirt mé gur nanny a bhí ionam. Nach raibh duine ar bith in ann aire a thabhairt do pháiste. Iúdaigh a bhí iontu. Bhí siad go deas liom. Leaidín beag amháin a bhí acu agus sin eile a raibh le déanamh agam, aire a thabhairt dó, is mé a thugadh ar scoil é. Phós mé fear as an mbaile Máirtín Mhicil Pháidín agus bhí beirt mhac agus beirt iníon againn, agus cailín beag eile, Ann Bernadette, a cailleadh nuair a bhí sí sé mhí d'aois. Is beag nár mharaigh sé sin mé. Sin é an uair a n-airíonn tú uait do mháthair, bhí mé ag ceapadh nach mairfinn. Bhí saol maith agam buíochas le Dia. Chaith mé bliain is fiche ag obair san Nat West Bank i Londain. Bíonn mé ag cuimhniú ar Éirinn i gconaí, ach bheadh sé deacair clann agus cairde a fhágáil i do dhiaidh agus a theacht abhaile.

 Janet Mannion, Patrick Nee (Sonaí mór), Kate Halloran a bhean..

Janet Mannion (ba as ceantar Mhuineacháin/Cabhán ó dhúchas í agus bheadh sí ag obair sa mbeairic i Ros Muc), Patrick Nee (Sonaí mór), Kate Halloran a bhean (deirfiúr Thomás Shadhbh)

Annie Masterson

Chuaigh mise go Meiriceá i 1949, bliain i ndiaidh Sarah. Tá mé ann ó shin. Ar an eitleán as Rinn Anna a chuaigh mise. Eitleán beag, thóg sé dhá uair déag go Gander i Newfoundland, ceithre huaire as sin go New York agus ceithre h-uaire eile go Chicago. Ar an eitleán chaith mé an oíche ag breathnú ar an mbeirt seo, ag pógadh is ag fáisceadh a chéile, b'shin rud nua domsa an t-am sin. Níl fhios agam an bhfuair muid tada le n-ithe ar an eitleán, ach bhí ár ndóthain uibheacha ithe againn i Rinn Anna, mar bhí muid chúig uair a'chloig ann. Bhí triúr againn in éineacht agus leis an am a chaitheamh théadh muid isteach ag ól tae agus bhíodh ubh againn, tá mé ag ceapadh gur ith muid chúig cinn d'uibheacha. Áit an-bheag a bhí i Rinn Anna ag an am sin i gcomparáid leis an aerfort breá atá anois ann. Bhí Annie Grady as na h-Oileáin i Ros Muc in éineacht liom agus Barbara Pheadar Son as Loch Con Aortha. Bhí muid le chéile go New York, is go Pittsburg a bhí Annie Grady ag dul. Nuair a tháinig muid amach i Chicago bhí an bheirt bhan bhreá seo agus hataí breátha orthu, Sarah agus m'aintín Julia romhainn, b'fhacthas dom gur mhór an spóirt iad. Ach bhí cumha orm, bhínn féin agus Sarah ag éisteacht leis an Irish Shaw ar an raidió chuile oíche, ba mhór an spóirt na h-amhráin agus an ceol, agus théadh muid a chodladh ag caoineadh.

Bhí go leor de mhuintir Chonamara i Chicago ag an am. Théadh muid ag damhsa oíche Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, san halla damhsa Falston and Fullerton, d'imíodh muid as sin nuair a dhúnadh sé ag a dó dhéag agus théadh muid suas Tí Louis Foley, bhíodh muid ag damhsa ansin go dtí a trí a chlog ar maidin. Bhí mé cupla bliain i Chicago nuair a casadh an fear breá, ard dathúil seo orm oíche ag damhsa, Martin Masterson. Rugadh in Albain é ach b' as Acaill a athair. Bhí sé san arm agus ní raibh muid ag dul amach le chéile ach sé seachtainí nuair a cuireadh go Korea é. Bhí sé ansin ocht mí dhéag agus cupla mí tar éis dó a theacht abhaile, phós muid, cheannaigh muid bothán beag agus bhí na gasúir againn, beirt mhac agus seisear iníon. Bhí mé seacht mbliana déag go leith i Chicago sul má thug mé an chéad chuairt abhaile. Thug mé an triúr is sine de na gasúir liom agus d'fhan muid anseo in éineacht le Máire agus le Micí ar an Turloch Beag, Beannacht Dé lena anam. Tá Micí agus Martin ar shlí na fírinne anois.

Máire Thomáis Shadhbh, a máthair Neainí Tom Hynes, Bab, a hathair Tomás Shadhbh. Chun tosaigh: Nóra agus Paddy Thomáis Shadhbh.

Ó chlé: Máire Thomáis Shadhbh, a máthair Neainí Tom Hynes, Bab, a hathair Tomás Shadhbh. Chun tosaigh: Nóra agus Paddy Thomáis Shadhbh.

 Michael Hynes (Maidhcó Tom), deartháir do Neainí Tom.

Michael Hynes (Maidhcó Tom), deartháir do Neainí Tom.

Annie, Máire, Micí Stephen, níl fhios cé hiad an chéad bheirt eile, agus Sarah.

I Chicago. Ó chlé: Annie, Máire, Micí Stephen, níl fhios cé hiad an chéad bheirt eile, agus Sarah.

Máire, bean Mhicí Stephen Uí Chonaire

Chuaigh mise go Chicago ach níor fhan mé ann ach bliain nó mar sin. Níor thaithnigh sé liom chor ar bith. Bhí mé marbh le huaigneas. Anonn ar an mbád a chuaigh mé ach is ar eitleán a tháinig muid abhaile. I Meiriceá a phós mé fhéin agus Micí, agus tar éis a theacht abhaile thóg muid an teach seo agus is anseo i Ros Muc a bhí muid ariamh ó shin. Bhí seachtar clainne againn. Tá Mary agus Ann i Meiriceá, tá Stephen i mBaile Átha Cliath, Breda agus Thomas i Rath Cairn, Sally i dTúr Mhic Éadaigh agus tá beirt anseo i Ros Muc, Eilín ar an Rosdubh agus Michael anseo le mo thaobh. Cailleadh Micí Beannacht Dé lena anam i 1995.

Nóra Masterson

Mise an duine ba h-óige. D'fhág mise an baile i 1957, trí mhí tar éis do mo mháthair a chailleadh. Bhí mé seacht mbliana déag d'aois. Bhí imní orm agus bhí mé as mo mhothú freisin mar tharla sé chomh scioptha, cailleadh m'athair agus mo mháthair i bhfoiseacht cúpla mí dá chéile agus an chéad rud eile bhí mise ar mo bhealach go Meiriceá liom féin.

As Rinn Anna a d'imigh mé. Thóg an t-aistear ceithre h-uaire déag, ar dtús go Newfoundland, as sin go Boston, as Boston go Detroit agus as sin go Chicago. Ní raibh mise as baile ariamh roimhe sin. Ní raibh mé i nGaillimh féin ach cúpla uair, sin an méid. B'fhacthas dom go raibh Chicago chomh mór. Ach bhí an t-ádh orm, bhí Sarah agus Harry, Annie agus beirt dá clann Mary Joe agus Kathleen romham san aerfort. D'fhan mé le Annie agus chuaigh mé ag obair tar éis míosa leis an gcomhlacht Sears Roebok ag déanamh obair oifige. Bhínn ag dul ag damhsaí san Holiday Ballroom, bhíodh Éireannach, Danny Duignan ag casadh ann, bhí sé an-mhaith . Phós mé Hugh Masterson, deartháir Mhartin, fear Annie agus bhí ochtar gasúir againn, ceathrar mac agus ceathrar iníon. Cailleadh Hugh le ailse chúig bhliana ó shin.

Sally Uí Ghiobúin

(Iníon le Máire Thomáis Shadhbh agus le Micí Stephen).

Chaith mé seacht mbliana déag i Chicago. Thaithnigh sé go mór liom. Seacht mbliana déag d'aois a bhí mé nuair a chuaigh mé anonn ansin i 1969. Bhí cailín eile in éineacht liom. Nuair a bhí muid ag teacht anuas i nGander, bhí muid ag breathnú síos uainn ar na tithe, ach ní raibh fhios againn gur tithe a bhí ann, bhí muid a rá, "tá clocha anseo ar nós mar atá i gConamara". Bhí Annie, Sarah, Harry agus mo dheirfiúr Mary a bhí bliain thall romhamsa, romham ag an aerfort. Thug aintín Sarah abhaile mé agus chuir sí a chodladh mé, bhí sí ag caint liom agus bhí mé ag ceapadh gurb í Mamie a bhí ann - agus ní raibh mé in ann codladh ach ag caoineadh, caoineadh, caoineadh.

Nuair a bhí mé ag imeacht, bhí Mamie a rá go bhfuair aintín Nóra slaghdán ar an eitleán agus chuir sí iallach orm geansaí mór a chur orm. Bhí sé chomh te i Chicago agus bhí aintín Sarah ag rá liom mo shaicéad a bhaint díom, bhí culaith mór trom orm, "ó níl mé te", a deirinn féin agus an t-allas ag titim díom, mar ní raibh mé ag iarraidh go bhfeicfí an geansaí a bhí orm taobh istigh de mo bhlouse.

 Sadhbh Chadhain, máthair Thomás Shadhbh.

Sadhbh Chadhain, máthair Thomás Shadhbh.

Cúpla lá ina dhiaidh sin thug aintín Sarah síos mé le h-aghaidh security card fháil. Daoine dubha ar fad a bhí ag obair ann, agus ní raibh taithí ar bith againne ar dhaoine dubha. Taobh istigh de sheachtain fuair mé obair le comhlacht árachais Blue Shield agus bhí mé ansin ar feadh trí bliana déag.

Ní raibh mé i bhfad ar bith thall nuair a casadh m'fhear céille orm ag damhsa, Michael Ó Giobúin as Túr Mhic Éadaigh. Tá ceathrar mac againn. Tháinig muid abhaile nuair a bhí an duine is sine in aois dul ag an scoil bheag. Bhíodh siad anonn is anall ann nuair a bhí siad ag dul ag coláiste. Tá beirt acu anois i Chicago, duine acu pósta agus tá an duine eile ag pósadh an bhliain seo chugainn. Tá leaid eile pósta in aice linn i dTúr Mhic Éadaigh agus tá an mac is óige ag dul ar scoil i gconaí.

Caster na daoine ar a chéile, ach ní chastar na cnoic