Skip to main content

Dónall Ó Colchúin

Dónall Ó Colchúin agus a bhean Eimear, 1993.

Dónall Ó Colchúin agus a bhean Eimear, 1993.

Áine Ní Cholchúin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1995. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Rugadh agus tógadh Dónall Ó Colchúin ar an gCeathrú Rua. Fuair sé a oiliúint i gColáiste Iarlfhlatha, Tuaim agus ansin i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh.

Bhíodh suim i gconaí aige i scríbhneoireacht agus i gcumadóireacht, ach ba mhó cáil a bhí ag muintir na háite air mar shiopadóir ar an gCeathrú Rua. Filíocht phobail is mó a léirítear ina chuid dánta agus tá baint mhór ag stair na Ceathrún Ruaidh leo, chomh maith le léiriú ar shaol an lae inniu.

D'fhoilsigh Dónall trí chnuasach filíochta: Tobar na Croise, Teampall Bharr a' Doire agus Teachtaire Robeson. Tá slám dánta eile nach raibh deis aige a chur i gcló. Bhí sé mar eagarthóir ar Irisleabhar Shéipéil Mhic Dara nuair a comóradh 100 bliain é. Bhíodh sé le cloisteáil go rialta ar Raidió na Gaeltachta ar chláracha ar nós Leatsa Leagan, Siamsán Maidine agus Peann agus Pár.

Thug sé léacht i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh don Chomhdháil 'Litríocht agus Cultúr na Gaeilge': Colm de Bhailís agus 5 amhrán leis (1992), An dá Pheadar- Peadar Ó Direáin agus Peadar Ó Domhnaill (1993) agus Ruairí Mac Easmainn agus an Cheathrú Rua (1994).

Bhíodh sé mar bhaill gníomhach de Choiste Chomórtas na nAmhrán Nuachumtha ó 1988 i leith. I mbliana d'éirigh le hamhrán Dhónaill sa chomórtas agus rinne an t-amhrán Aill an Aifreann ionadaíocht ar son na hÉireann i dTrá Lí, áit ar bhain sé amach an chéad duais sa Chomórtas Pan Cheilteach faoi Cháisc.

Ar an 27ú Eanair 1995, d'fhuadaigh an bás uainn gan choinne Dónall ag 56 bliain d'aois.

Go dtuga Dia suaimhneas síoraí na bhFiaitheas dá anam.