Skip to main content

An RIC i Ros Muc

[Gan Teideal]

Bridie Uí Chinnámha

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2001. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Sa bpictiúr seo tá John Feely as an Nua Shéalainn lena bhean céile Elizabeth. Tógadh an pictiúr i mí Meán Fómhair 2000, ag beairic na nGardaí sa nGort Mór. Tháinig John ar cuair ar Ros Muc toisc go raibh a athair (John Feely freisin) ag obair ann ó 1913-1920 mar bhall den R.I.C.

Aistríodh go dtí an Mám é i 1920 agus bhí sé ar dhuine den RIC a déanadh ionsaí orthu ag ‘Teachín na bPrayers’ i nDoire Bhainbh ar an 6 Aibreán 1921. Gortaíodh Feeley sa ngualainn agus fuair duine eile den RIC – Parsons - bás níos déanaí de bharr na ngortaithe a fuair sé fhéin san ionsaí sin.

[Gan Teideal]

Sa bpictiúir de sheanbheairic an RIC sa nGort Mór (1915) feictear John Feeley ar dheis. Ceaptar gurbh iad an triúr eile atá sa bpictiúr, ó chlé, an Sáirsint Flemming, Parsons (b’fhéidir) agus Hodgekins. Tá gairdín bláthanna sa gcúlra bhíodh bean darbh ainm Mary O’Neill ag tabhairt aire dhó.

Nuair a scoireadh an RIC chuaigh Feeley go dtí an Nua Shéalainn agus chuaigh sé ag obair sna póilíní ansin. Phós sé agus bhí beirt chlainne aige, John agus Margaret. Bhí an-mheas aige i gcónaí ar Ros Muc agus thug sé fhéin agus a mhac cuairt ar Scríb sna seacaidí. Bhí sé 90 bliain d’aois nuair a bhásaigh sé i 1980.