![]() |
|
|
|
"Tá Pléaráca ag forbairt glór, ról agus páirtíocht an phobail Ghaeltachta tríd na healaíona agus tríd an cultúr agus an teanga a chur chun cinn."
Faoi an gClár Forbartha Pobail tá béim faoi leith dhá chur ar cheantar Ros Muc, Chamuis agus Chill Chiarán, pobail ina bhfuil saibhreas teanga, ach ina a bhfuil deacrachtaí le sarú má tá an saibhreas sin le maireachtáil. Sé bunaidhm Phléaráca ná cultúr agus saibhreas na Gaeltachta a cheiliúradh, dul i ngleic le imeallú agus mí-bhuntáiste agus meanma, féinmheas, féiniúlacht agus misneach an phobail a neartú. Chun imeachtaí agus gníomhaíochtaí ealaíona a reachtáil, faigheann Pléaráca Teo. tacaíocht airgid ó an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe & Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon, Coiste Gairmoideachais Cho. na Gaillimhe, Comhairle Contae na Gaillimhe agus Foras na Gaeilge. I 1998, bhuaigh Pléaráca Teo. an duais náisiúnta sa gcomórtas AIB Nationwide Better Ireland Awards. Ba aitheantas iontach a bhí anseo agus thug an duaischiste cúnamh maith chun imeachtaí agus seirbhísí breise a reachtáil. Maidir leis an ábhar a bhí le feiceáil in Ionad Fiontair Ros Muc agus sa Nuachtlitir a foilsíodh ar an suíomh seo le gairid, ní raibh sé i gceist ag Pléaráca Teo go gceapfaí go raibh gníomhaíochtaí coiriúla nó neamhcheadaithe ar bun ag aon duine ar leith. Glacann Pléaráca Teo leis gur daoine le dea-charachtar iad Pádraig Conneely agus Brian Clarke agus ní raibh sé i gceist go gcuirfí smál ar a gclú ná a gcáil. Maidir leis an íomhá a bhí le feiceáil in Ionad Fiontair Ros Muc agus sa nuachtlitir a d'fhoilsigh Pléaráca Teo. agus a foilsíodh ar shuíomh idirlín an Phléaráca freisin le gairid, ní raibh sé i gceist ag Pléaráca Teo. go gceapfaí go raibh gníomhaíochtaí coiriúla nó neamhcheadaithe ar bun ag aon duine ar leith. Glacann Pléaráca Teo. leis gur daoine le dea-charachtair iad Paraic Ó Conghaile agus Éamonn Seoige a bhfuil an-seirbhís tugtha acu do phobal an cheantair le blianta fada agus ní raibh sé i gceist go gcuirfí smál ar a gclú ná ar a gcáil.Ba mhaith le Pléaráca Chonamara buíochas a ghlacadh le foireann Áras Shorcha Ní Ghuairim
as ucht a gcuid tacaíochta agus a gcomhairle i bhforbairt an laithreáin seo. Deartha ag Mairéad Ní Chonaire le cúnamh ó GWC. Pléaráca Chonamara Teo., Ionad Fiontair, Ros Muc, Co. na Gaillimhe.
Uimh.Guthán: 091-574346/574021 Faics: 091-574346 R-phost: plearaca@eircom.net Cóipcheart © 2011 Pléaráca Chonamara Teo. |