Tá taispeántas nua grianghraf le Bob Quinn Muintir an Bhaile á sheoladh mar chuid d'Fhéile Pléaráca Chonamara 2014. Chuaigh Peigí Ní Chonghaile chun cainte leis.
Seo é an 24ú eagrán d'iris Pléaráca, agus mar sin an 24ú bliain ag Féile Phléaráca Chonamara. Nuair a cuireadh tús leis an bhFéile in 1991, tharla sé de bharr tuarascáil a réitigh Breandán Ó hEithir do Bhord na Gaeilge a dúirt go mbeadh an Ghaeilge…
Tharla dhá chrith talún i Christchurch na Nua Shéalainne i 2010 agus 2011. Bhí Meta Uí Mháille ar cuairt ar an gcathair mí Eanáir seo caite agus tá cur síos anseo aici ar an scrios a déanadh san áit.
Cuireadh tús le himeachtaí an chláir litríochta Mí Mheán Fómhair seo caite. Seo clár a mbíonn ceardlanna litríochta agus drámaíochta ar siúl i rith am scoile agus taobh amuigh d' am scoile. Cuireann an clár réimse leathan imeachtaí ar fáil.
Nuair a thosaigh Cleas i 2002 ní hé an leagan amach atá uirthi anois a bhí uirthi mar ba le gnónna beaga a bhunú faoin gClár Eacnamaíocht Sóisialta a bhí ag FÁS ag an am a bunaíodh í. D'imigh sin is tháinig seo agus faoi láthair, faoi Chlár Seirbhísí…
Tá Comhar Caomhán Teo ag feidhmiú ar Inis Oírr, an t-oileán is oirthearaigh de thrí Oileán Árann i gCuan na Gaillimhe ó 1971. Tá ról lárnach ag an gComharchumann i bhforbairt eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha an oileáin ó shin i leith.
Ní dhéanfaidh mise dearmad go deo ar na dinnéir a bhíodh againn oícheanta Nollag agus mé i mo ghasúr - breams Árann agus béile breá fataí. Bhíodh muid ag faire ar fhear an phosta roimh aimsir na Nollag i gcónaí, mar bliain i ndiaidh bliana bhíodh…
Tá rud eicínt speisialta ag baint le hoileáin nach dtuigfidh tú go gcaithfidh tú tamall ar cheann. Is obair a chas mise go hÁrainn an chéad uair, agus is minic ó shin atá sé ráite agam go raibh an t-ádh orm mar gur tréimhse de mo shaol é ar bhain mé…