Píosa le M. Ó Flaitheartaigh a bhí san iris Lic A’Teallaigh mí na Nollag 1931. Is ó John Bhaba Jeaic a fuair muid an píosa seo. Fear a bhfuil bailiúchán mór oidhreachta déanta aige thar na mblianta. Tá an saothar atá bailithe ag John le feiceáil in…
Marach cé comh fadbhreathnaitheach is a bhí an coiste a bhunaigh Féile Phléaráca Chonamara agus an mhisneach a bhí acu agus an dúshlán a thóg siad orthu féin ag an am, ní bheadh muid ag ceiliúradh an 21ú Féile i mbliana. Ní bheadh an iris Pléaráca…
Is é Donncha Ó hÉallaithe rúnaí an choiste a d’eagraigh na cluichí pobail i gCois Fharraige le dhá bhliain. Tugann sé míniú anseo ar na rialacha agus struchtúir a bhaineann leis na cluichí.
Beidh An Temporary ag ceol i gColáiste Lurgan ar an Aoine 21 Bealtaine. Tá an dream óg seo ag baint cáil amach dhóibh fhéin le tamall anois. Chuaigh Síle Ní Scanláin chun cainte le hEoin Ó Muirí-Ó Conghaile chun tuilleadh eolais a fháil faoin ngrúpa.
Tá athruithe móra le theacht ar shiollabas Gaeilge na hArdteiste i 2012 ach mar is gnáth nuair a thagann sé chuig cúrsaí oideachais, tá leatrom dá dhéanamh ar an gcainteoir dúchais. Pléann Máire Ní Fhinneadha an cheist.
Bhuel tá an-ríméad ar chuile dhuine a bhfuil baint acu leis an bhféile Pléaráca 2010 seo go bhfuil sé ag tarlú sa deireadh thiar thall. Bhí éiginnteacht mór ann ó thús na bliana an bhféadfaí a dhul ar aghaidh le féile i mbliana mar go raibh agus go…
Tá toghchán ceaptha a bheith ann an chéad bhliain eile le Bord nua a thoghadh d'Údarás na Gaeltachta. San alt seo caitheann an tráchtaire Donncha Ó hÉallaithe súil chriticiúil ar an Údarás mar atá agus déanann sé roinnt moltaí faoi na bealaí, dar…
Tá súil agam anois agus an tíogar ceilteach imithe agus an pota óir a chuir an dallamullóg orainn ar fad, follamh, go mbeidh deis againn filleadh ar an saol deas suaimhneach a bhí againn roimhe. Go dtí sin ba linn féin a raibh againn. B' fhéidir nach…
Dá ndéanfaí teorannacha na Gaeltachta i gCo na Gaillimhe a shocrú do réir na gcritéir atá molta sa Staidéar Teangeolaíoch ar Staid na Gaeilge sa nGaeltacht, ní bheadh de dhaonra fágtha i nGaeltacht na Gaillimhe ach 16,000 duine as an 45,000 a bhfuil…