Sliocht as an leabhar Peadar Chois Fharraige – bailiúchán de sheanchas a thóg Seán Mac Giollarnáth ó Pheadar Mac Tuathalláin. Ba as an Teach Mór, Cois Fharraige, do Pheadar Mac Tuathalláin ach chaith sé an chuid is mó dá shaol ina chónaí i nGaillimh…
Sé an áit a raibh Sgorach Ghlionnáin curtha faoin uamhain talmhan san áit ar a dtugtar Glionnán air, i bhfoisceacht trí mhíle do Chuan Chasla. Sgailp Ghlionnáin a tugtar ar an bpoll a raibh an Sgorach ina chónaí ann. Nuair a thiocfá i gceann a bhéil…
Ba i nDoire Luanaigh, baile atá ag bordáil ar thrí mhíle soir ó shráidbhaile an Spidéil, a rugadh agus a tógadh Maitiú Ó Curraoin nó Maitiú na Tamhnaí, faoi mar a thugtaí air. D'réir mar instear ba fhear scolbánta crua fáiscthe é le folt breá gruaige…
Ó tosaíodh ag cur ainmneacha na mbailte in airde ag ceann chuile bhóithrín sa taobh seo tíre tá an-suim múscailte i logainmneacha. Gné fíorthábhachtach den stair áitiúil í seo agus ó tharla gurb ea níor mhór a bheith an-chúramach go mbeadh na…
Céard atá i gceist le caoineadh na marbh? Deir Séamas Ó Catháin, an t-údar béaloideasa, go raibh an nós seo - caoineadh a dhéanamh - os cionn an mhairbh le fáil i mbeagnach gach tír ar domhan agus gur nós é atá an-sean ar fad. Deir sé gur sa Ghréig…
Sliocht as bailiúchán de scéalta ón seanchaí Éamon a Búrc arbh as an Aird Mhóir, Carna dhó. Tógadh an scéal seo as bailiúchán a chuir Peadar Ó Ceannabháin in eagar agus a d’fhoilsigh an Clóchomhar i 1983. Deirtear linn gur tharla an eachtra sa…
Ó tháinig ann do Phléaráca Chonamara tá aird faoi leith dírithe ar dhamhsa ar an sean nós sa Ghaeltacht seo agus is léir go bhfuil borradh nua tagtha i suim an phobail trí chéile sa ghné seo den traidisiún. Sa chomhthéacs sin, b'fhéidir gur spéis le…
Tá Gaeltacht na Gaillimhe ar cheann de na ceantair is tréine inar bailíodh béaloideas, rud a thugann le fios go raibh saibhreas thar an ngnáth ag baint leis an oidhreacht thraidisiúnta sa taobh seo tíre. Le céad bliain anois sa cheantar, tá spéis…
Tá an tradisiún seo ar an oileán leis na cianta. Is oíche speisialta í oíche na Féile Bríde do na cailíní bunscoile. Déantar an bhrídeog as dornán tuí. Cuirtear maide slat choill trasna sa dornán mar lámha. Cuirtear éadach bán ar a ceann, gúna agus…
Cé gur chaith sé cuid mhór dá shaol, mar aturnae agus mar ghiúistís ins na cúirteanna i gCondae na Gaillimhe, is féidir a rá gur fearr aithne atá ar Sheán Mac Giollarnáth, mar bhailitheoir béaloidis, agus mar fhear a scríobh faoin dúlra.