Tá Kate Uí Fhlatharta nó Kate Phádraic Rua ina cónaí in Adelaide na hAstráile ó chaogaidí an chéid seo caite. Le linn di a bheith san Astráil i dtús na bliana seo, thug Meta Uí Mháille cuairt uirthi.
Is minic gur scéalta cruatain agus uaignis a bhaineann leis an imirce ach ní hamhlaidh do Tom Barrett seo a d'fhág an scoil agus a bhaile i bhFoirnis i Leitir Mealláin agus é tri bliana déag le dul ag foghlaim ceird na táilliúireachta. Labhair sé le…
Cúig bhliana a bhí caite i Meiriceá ag Cóilín Pheadair Shéamais nuair a tháinig sé abhaile an samhradh seo caite. Bhí sé féin agus a bhean bailithe anonn ó phós siad. An fáth is mó ar imigh siad, nach raibh an oiread airgid acu agus a dhéanfadh teach…
Níos luaithe i mbliana d'fhoilsigh Gníomhaíocht ar Bhochtaineacht i nGaillimh gearr leagan de thuarascáil taighde ar an imirce i gCondae na Gaillimhe. Niall Farrell a scríobh an tuarascáil seo Eisimirce...Éagóir lnleigheasta – Taithí na Gaillimhe…
Tá Seán Ó Mainnín, an dornálaí as Ros Muc a throid i gCraobh an Domhain i Madison Square Gardens tagtha abhaile le bliain. Chuaigh Meta Uí Mháille chun cainte leis faoina shaol, faoina mhuintir agus go leor eile.
Máire Pháidín Uí Mhaoilchiaráin ag cur síos do Mheta Uí Mháille ar shaol an oileáin le linn a hóige, ar an tréimhse a chaith sí i Meiriceá agus ar shaol an oileáin inniu.
Rugadh i Snámh Bó mé. Iníon le Pat Phaddy Hynes agus le Mary Kelly. Ba as Eanach Mheáin mo mháthair ó dhúchas. Bhí ochtar clainne acu agus bhí mise ar an tríú duine ba shine.