Tá Ciorcal Scríbhneoirí Óga ag teacht le chéile faoi choimirce Phléaráca Teo. ó 1999. Tháinig an Ciorcal Scríbhneoirí Óga le chéile i 2003 faoi stiúir Thadhg Mhic Dhonnagáin. Seo roinnt samplaí de shaothar na scríbhneoirí óga a ghlac páirt i mbliana.
Seo sleachta as aiste le Jackie Mac Donncha a fuair duais Oireachtais cúpla bliain ó shin. An teideal a bhí ar an aiste ná Máire Choilm agus Mise. Cailleadh Máire Choilm i lár na seascaidí. Ba í an duine deireanach den chlann í. Is dóigh gur imigh an…
I Meán Fómhair 1914 foilsíodh tuairisc bhreá fada ar an gClaidheamh Solais – páipéar seachtainiúil a bhíodh ag Conradh na Gaeilge ag an am – faoin teideal Arran For a Holiday. Seo cúpla sliocht as an dtuairisc sin.
Cé go bhfuil cáil ar na Gaeil mar dhream spóirtiúil spraíúil, is minic a théann siad i muinín na bhfocal iasachta agus iad ag caint ar chúrsaí caitheamh aimsire. Iasachtaí is ea craic, géim, spraoi, teidhm agus pléaráca féin, dar liom. Focal é…
Sliocht as an leabhar Peadar Chois Fharraige – bailiúchán de sheanchas a thóg Seán Mac Giollarnáth ó Pheadar Mac Tuathalláin. Ba as an Teach Mór, Cois Fharraige, do Pheadar Mac Tuathalláin ach chaith sé an chuid is mó dá shaol ina chónaí i nGaillimh…
Sé an áit a raibh Sgorach Ghlionnáin curtha faoin uamhain talmhan san áit ar a dtugtar Glionnán air, i bhfoisceacht trí mhíle do Chuan Chasla. Sgailp Ghlionnáin a tugtar ar an bpoll a raibh an Sgorach ina chónaí ann. Nuair a thiocfá i gceann a bhéil…