Bhuel, tá sé tuairim is cúig bliana ó shin ó rinne mé páirt Oisín i ngeamaireacht an Phléaráca, páirt a thug mé go Tír na nÓg in éineacht le stompa bréa darbh ainm Niamh Chinn Óir. Bhí sé aisteach gurbh é m'athair féin (Tommy Khate) a bhí ag déanamh…
Nóra Bn. Uí Mhainín as Cill Bhriocáin, Rosmuc ag ceiliúradh a lá breithe 100 bliain i dteanta Anna, bean a mic Mattie, nach maireann agus comharsa béal dorais Mattie Phetir Pheadair Ó Neachtain. Bhí a garchlann, a gclann sin, gaolta, comharsana agus…
Tá muid anseo sa Bhruiséil le hocht mí anois. Bhog mé féin, Kevin agus ár n-iníonacha Bríd Eileanór agus Niamh anseo ag deireadh Lúnasa seo caite. An Nollaig roimhe sin fuair Kevin tairiscint ar phost ag obair le hIonadaíocht na hÉireann chuig an…
Mí na Samhna 2007 chuaigh Rosaleen Ní Shúilleabháin as lnbhear, Rosmuc go Sri Lanka le tréimhse a chaitheamh ag obair go deonach i measc an phobail ansin.
Bhí sé ar intinn agam, le bliain nó dhó, cuairt a thabhairt ar an tSeapáin. Cén fáth an tSeapáin? Bhí col ceathrar liom ag múineadh scoile sa tír sin le cheithre bliana déag, agus bhí sé i gcónaí ag iarraidh orm cuairt a thabhairt air.
Rugadh i Snámh Bó mé. Iníon le Pat Phaddy Hynes agus le Mary Kelly. Ba as Eanach Mheáin mo mháthair ó dhúchas. Bhí ochtar clainne acu agus bhí mise ar an tríú duine ba shine.
Chaith Caoimhín Ó Maicín aon bhliain déag agus fiche ag teagasc i nGairmscoil na bPiarsach i Ros Muc idir 1955-1986. Bhí sé ina phríomhoide ar an scoil ar feadh bliana sular éirigh sé as an mhúinteoireacht.
Tá sé ráite gur Fia nó Eilc an chiall atá leis an bhfocal Eilte. Tá carraig taobh thoir don oiléan ar a nglaotar Carraig Léim na hEilte. Níl ar an oileán ach teach amháin, ach tá ballaí thoir i lár an oileáin agus is dócha go raibh cónaí ann sul má…
Taobh amuigh de scoil Ros a’Mhíl an oíche cheana bhí beirt againn ag breathnú suas ar an spéir bhreá réaltógach. ‘Nach breá a bhreathnaíonn an chamchéachta’, a deir mé féin, ‘agus an méid réalta atá i mBealach na Bó Finne.’