An Bád Mór

http://plearaca.ie/files/PL1991A08_opt.pdf

Teideal

An Bád Mór

Ábhar

Báid & Bádóirí

Cur Síos

Ó chathair na Gaillimhe go Ceann Léime tá tuairim 250 míle de chósta, go leor de ina chuanta beaga agus móra, go háirithe ó Chuan Chasla siar. As an gcósta seo, d'fhás An Bád Mór agus a ghaolta, an ghleoiteog, an leath-bhád agus an púcán. Tá caint agus cúiteamh le fada cén stair a bhaineann leis an gcineál seo báid. Dúirt Hal Sisk ina alt san iris Cultura Marítima sna seachtóidí go raibh bunús Ollannach leis an mbád ach ní mórán cruthú a thug sé. Ceaptar go dtáinig an Bád Mór chun cinn ag deireadh an ochtú céad déag. Tá sé seo bunaithe ar sheanchas agus ar scríbhinní James Hardiman. Ag scríobh dó in 1820 dúirt sé go raibh báid an Chladaigh i nGaillimh an-bheag roimh 1790 ach ón uair sin amach bhí báid a d'iompródh idir 8 go 14 tonna acu. Chosain siad idir £40 go £50 le déanamh. Bhí difríochtaí idir an bád seo agus báid eile dá mhéid, go háirithe sa tumble-home mór, agus ráca mór, suas go 45' ar an bposta. Tá na báid mhóra anois idir 37 troigh agus 42 troigh ar fhad. Úsáideadh clocha mar bhallasta agus is anuas orthu seo a cuireadh an mhóin nó pé earra eile a bhí le hiompar. Bhíodh deic ón gcrann amach agus is ansin a chodlaíodh an bheirt a bhíodh ag obair an bháid. Bhíodh áit réitithe le tine oscailte, déanta de leac nó cement faoin deic freisin. Tá an nós seo fós dá choinneáil suas ag Johnny Bailey sa gCapall.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ruairí Ó Tuairisg

Foinse

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Dáta

1991

Cearta

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

PL1991A08

Fad

1000