Eagarfhocal 1995: Míchothramaíocht Forbartha i gConamara/Fórum Ghaeltachta de dhíth

http://plearaca.ie/files/PL1995A01_opt.pdf

Title

Eagarfhocal 1995: Míchothramaíocht Forbartha i gConamara/Fórum Ghaeltachta de dhíth

Subject

An Ghaeltacht; An Ghaeilge; Oideachas

Description

Ag an am seo den bhliain is cúis dóchais do lucht na Gaeilge an dea nuacht faoi Ghaelscoileanna nua ag oscailt ar fud na tíre. Is breá an rud é go bhfuil an oiread sin éilimh ag lucht na gcathracha agus na mbailte móra ar oideachas tré Ghaeilge ach is beag an sólás é sin don phobal Gaeltachta a chailleann múinteoir as scoil dhá oide, mar a tharla i mbliana i gcás Scoil an Chnoic ar na hOileáin agus mar a tharla anuraidh i Scoil an Ghoirt Mhóir, Ros Muc. Tá scoileanna beaga Dheisceart Chonamara i mbaol a ndúnta. Mar a tharlaíonn is sna ceantracha a bhfuil scoileanna beaga is láidre atá an Ghaeilge labhartha i nDeisceart Chonamara - na hOileáin, Camus, Ros Muc.

Creator

An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 1995

Source

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Date

1995

Rights

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Language

ga

Type

Téacs

Identifier

PL1995A01