Skip to main content

An Capall

 Tá sé ina chalma dearg - <i>An Capall</i>, Iúil 1992.

Tá sé ina chalma dearg - An Capall, Iúil 1992. (Pic: Cian de Buitléar)

Ruairí Ó Tuairisg

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1994. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Go dtí gur tháinig an pinsean amach ag tús an chéid seo ní raibh aon tábhacht ag baint le dátaí ag na gnáth-daoine. Choinnigh siad comhaireamh ar am le tarlú mór éicínt a lua leis – Oíche na Stoirme Móire, Bliain Bhalfour, Bliain an Droch Shaoil agus mar sin de. Tá corr dhuine fós nach dtugann dátaí dhuit ach a déarfas leat “ó, sin í an bhliain ar cheannaigh mé an láir dhubh”, nó “sin í an bhliain nár thriomaigh fód móna go deireadh an Fhómhair”.

Tá sé fíor dheacair ar an gcaoi sin dátaí cruinne a chur le déanamh na mbád mór. Cé go mba rud mór é i saol an úinéara fós féin níor coinníodh cuntas ar cén uair a leagadh cílle nó má coinníodh tá an t-eolas imithe i léig anois i go leor cásanna.

Sin í an deacracht a bhí agam nuair a chuir mé romham píosa beag a scríobh faoi An Capall - bád mór Johnny Bailey.

Bhí muintir Bháille ina gcónaí in Eanach Mheáin ag tús an chéad seo caite. Bhí bád acu darbh ainm An Capall. Deirtear gur tugadh an t-ainm An Capall uirthi mar bhí capall ag an saor a rinne an bád seo, rud a bhí annamh ag an am.

Tháinig Tom Báille go Doirín Glas thartar 1850. D'iarr sé ar Pheatsaí Phádraig Fhiacha Mac Donnchadha bád a dhéanamh dó. Is é Peatsaí seo, sean athair Nioclás (Nicko) Ó Conchubhair as Leitir Móir atá ós cionn ceithre scór go leith bliain é féin anois.

Tá sé láidir, meabhrach i gcónaí, go mba fada buan é. Chomh maith le bheith 'na shaor bád bhí siopa ag Peatsaí freisin. Bhí cúigear páistí ag Peatsaí agus ag a bhean - Mary, Sabina, Johnny, Pat agus Baib. Sí Baib máthair Nicko. Bhásaigh bean Pheatsaí nuair a bhí Baib bliain nó dhó. Anois tá fhios againn gur mhair Baib go dtí an bhliain 1951 nuair a bhí sí 91 nó 92 bliain d'aois. Fágann sin gur rugadh í thartar 1859/1860 agus ise a bhí ina páiste nuair a leagadh cílle an Chapaill.

Tháinig deirfiúr Pheatsaí abhaile as Meiriceá. Faoin am seo bhí an cílle, ball, posta agus trí mhaide urláir leagtha do Tom Báille sa Doirín. Dúirt a dheirfiúr le Peatsaí an siopa nó an saoirseacht a thabhairt suas, nach bhféadfadh sé an dá thrá a fhreastal. Choinnigh sé an siopa. Ghearr Gábhán an t-adhmad agus sé Micil Ó Ráinne as Leitir Caladh a chríochnaigh í. Ba col cúigear é Micil Ó Ráinne d'athair Bheachla Mhicilín Ó Ráinne atá ina chónaí i Leitir Calaidh anois. Tugadh An Capall ar an mbád nua in omós don seanchapall a bhí ag muintir Bháille. Go deimhin rinne sé trí bhád do Tom Báille, An Capall, An Capall Beag (gleoiteog) agus bád iomartha trí thonna.

 “Tá súil a’m go mbéarfaidh sé ar an téad seo” – Cinn Mhara, 1988.

“Tá súil a’m go mbéarfaidh sé ar an téad seo” – Cinn Mhara, 1988. (Pic: An Curadh Connachtach)

Bhí Johnny seacht mbliana d'aois nuair a chuir sé amach an chéad lucht móna lena athair i gCinn Mhara. Ní raibh ar an mbád ach an bheirt. Cheannaigh Beachláin Bermingham an mhóin agus thug sé buicéad úllaí do Johnny. Ba é an buicéad úllaí sin an rud ba deise a fuair sé ariamh. Ní raibh mórán úllaí i nDoirín Glas ag anam. Chuaigh Johnny sa gCapall uilig lena athair nuair a bhí sé trí bliana déag go leith.

Thóg sé máistreacht uirthi nuair a bhí sé seacht mbliana déag mar bhí a athair tinn agus ní raibh mórán fonn ar Mhichaelín dul inti nuair nach raibh an t-athair inti. Shíl sé go raibh Johnny as a mheabhair. Bhí Cóilín, deartháir Johnny, in éineacht leis agus gan é ach cúig déag. Ag tarraingt mhóna go hÁrainn a bhí siad. Bhí Michaelín inti faoi dheire aríst. Chuir Johnny agus Michaelín trí lucht móna amach in aon lá - Inis Oírr, Inis Meáin agus Cill Rónáin. Bheadh siad sa mbaile an oíche sin ach dúirt Michaelín "nach bhfuil do dhóthain déanta agat in aon lá amháin". As Ros an Mhíl a thug siad an mhóin, £8 an lucht a fuair siad.

Nuair a bhí móin le díol ag fear chuireadh sé scéal ag an mbádóir. Thóg siad móin as Muiceannach, An Aibhnín, Crompán Mór, SeanBhaile, Maimín. Bhí a gcuid áiteachaí féin ag na bádóiri len gcuid móna a dhíol.

Buaileadh tinn Michaelín nuair a bhí sé 64. Fuair Johnny tráiléar (Naomh Cáilean) sa mbliain 1959 agus chuaigh sé ag iascaeh. Chuaigh Cóilín agus a uncail Pádraig Ó Griallais (a raibh Mount aige) ag tarraingt mhóna go dtí 1963. Bhí deireadh le saol oibre an Chapaill agus d'fhan sí sa Sruthán Buí go dtí Aoine an Chéasta 1974. Bhí sí sáthach craite nuair a towáil Beachla Mhicilín, Beachláin Taimín, Seán Taimín, Colm Mhichael Labhráis, Johnny féin agus a bheirt mhac Pádraig agus Peadar agus iad 10 agus 8 mbliana d'aois suas go Dún Mánus í. Chaith sí cúig bhliana ag Colm Mhicheál Labhráis agus ag a 7 a chlog ar maidin ar 21-11-1979 dúirt Colm le Johnny "Caith uait iad" (na rópaí ). "Diabhail mórán fonn a bhí orm", adeir Johnny ach sheol siad amach. Chosnaigh sí £8000 gan sparaí ná seolta. Chuir mé ceist ar Johnny cén fáth ar shocraigh sé an Capall a dhéanamh suas i 1974 nuair nach raibh caint ar gheallta ná tada mar sin,"Cén chaoi a bhféadfainn ligean di titim" a deir sé. "Bhí sí againn ariamh". Ba ag an Spidéal sa mbliain 1980 a thóg sé páirt sa gcéad gheall.

Bhuaigh an Capall an chéad gheall i gCloch na Rón an bhliain sin agus bhuaigh sí freisin ar an Dóilin, ag Cuigéal agus ag Cinn Mhara. Seolta cadáis a bhí uirthi.

Sé Johnny féin a ghearrann agus a fhúáileann a chuid seolta féin i gcónaí. Dúirt sé go bhfuil 30 slat níos mó anois sa seol mór thar mar a bhíodh nuair a bhíodh an bád ag obair. Ba iad Joe Mhadaín, Cóilín Joe Bhairbre, Dudley agus Micil Bailey, John Bhaibín agus Paddy Dundas is mó a bhíodh in éineacht le Johnny. Anois tá Paddy Dundas leo i gcónaí agus tá clann Johnny féin, an cúigiú glún bail ó Dhia orthu, ábalta gnaithe a dhéanamh go maith. Ba bhád an-ádhúil í an Capall i gcónaí. Is iomaí lá agus oíche chrua a chonaic sí ach dúirt Johnny nach raibh aon fhaitíos air ariamh inti ach imní faoi na láinéir agus seolta agus mar sin, go háirithe sa sean am nuair nach raibh an t-ábhar chomh maith is atá sé anois. Dúirt Johnny go raibh sé níos deacra móin a chur i dtír in Inis Meáin ná in aon áit eile. Ní raibh aon chéibh ann agus chuir siad an mhóin i dtír ar an gCóra. Theastóidh maide rámha uait lena ceathrú a choinneál amach ón gcarraig.

Bhí athair Johnny agus a sheanathair Seáinín inti lá, as Cinn Mhara. Shéid sé ina ghála. Chuir an búm a sheanathair i bhfarraige ach thug Peter isteach aríst é. Séideadh amach naoi jib an lá sin ag dul anoir agus báitheadh An Fancy sa Spidéal. Uair eile bhuail sí an Matal. Feamainn a bhí acu ag dul go dtí an ón Spidéal - Séamas Báille, uncail d'athair Johnny agus Tom Saile as an Máimín. Bhí siad ag tabharnáil aniar agus bhíodh fear amháin ag ligean néal thairis agus ansin an fear eile. Thit fear na stiúrach (níor dúradh ariamh cé acu) ina chodladh. Tháinig coastguard an Spidéil ach ní fhágfadh siad í. Tar éis ballasta agus feamainn a chur aisti sheol sí go Cuan an Fhir Mhóir.

 ‘Tá capall Johnny ann agus Dudley le dhul sa gcrann.’ Carna, 1980.

‘Tá capall Johnny ann agus Dudley le dhul sa gcrann.’ Carna, 1980. (Pic: Dick Scott)

Ní raibh sí déanta ach sé bliana nuair a briseadh an taobh uilig aisti i Ros Muc. Ghearr cloch cábla an ancaire agus briseadh í. D'fhéadfaí go leor scéalta eile a inseacht faoin gCapall ach caithfidh sé fanacht go lá eicúint eile.

Tá cuimhní cinn ag chuile dhuine againn faoi rudaí beaga a tharla - rudaí go minic nach bhfuil tábhachtach cosúil leis na húlla a fuair Johnny i gCinn Mhara. Ní raibh Cruinniú na mBád i bhfad bunaithe nuair a chuaigh mé soir go Cinn Mhara ón Máimín ar an gCapall. Tar éis tamaill dúirt Johnny liom "gabh isteach ansin faoin deic agus ól braon tae". Bhí pota mór tae réitithe ar thine mór oscailte ag Micil agus canda mór de arán Bhaba Bailey. I mo shuí ansin ag ól tae, deatach i mo thimpeall, an fharraige i bhfoisceacht cúpla orlach dom, ba é sin mo bhuicéad úllaí sa. Tá sé sin ráite go maith ag Seán Cheoinín in Amhrán an Chapaill.

'Bhí aithne agamsa ar úinéirí an Chapaill.
Tá curtha go doimhin doimhin sa gcré.
Ba mhaith iad ag roinnt na Ieathghalúin,
Is ba mhaith iad faoin arán is faoin tae.'

Ní fhaca mé ariamh fuar ná folamh iad.

Ón uair a bhí an t-airgead gann, is dheamhan an mhaslaigh siad fear, bean ná páiste in aon chaladh dhá ndeachaigh siad ann". Tá an scéal amhlaidh i gcónaí.

Níl le déanamh agam ach mo mhíle buíochas a chur in iúl dóibh siúd ar fad a chabhraigh liom, Muintir Uí Chonchubhair, Beachla Mhicilín Ó Ráinne agus go háirithe Muintir Bháille atá geanúil, cinéalta agus gnaoiúil aon uair a thugaim cuairt orthu. Go mba fada buan iad. Is fearr atá sé ráite ag Seán Cheoinín:

'Ar Choimrí Mhic Dé go raibh an Capall,
a criú agus an té a bheas dhá góil,
Is tá súil agam go gcoinneoidh sí an bhratach
go hard i mbarr Chnoc Leitir Móir'.