Skip to main content

An Mhaighdean Mhara

Ruairí Ó Tuairisg

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1995. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá difríocht mhór amháin idir an Mhaighdean Mhara agus aon cheann eile de bháid mhóra Chonamara. Sí an t-aon bád mór í atá déanta ag an gclann a bhfuil sí acu fós - clann Mhic Dhonnchadha nó clann Johnny Jimmy Pheaitsín as an gCuilleán, An Cheathrú Rua. Tá rud eile freisin ag baint leí, sí an bád mór deireadh í a tharraing móin go hÁrainn as Conamara ag tús na seachtóidí, timpeall 1972. As Caladh Thaidhg a bhíodh sí ag tarraingt.

Aois An Bháid

Bíonn an-sárú i gcónaí faoi aois na mbád seo - cé acu is sine, cén uair a leagadh cílle agus mar sin. Is dóigh anois nach réiteofar go leor de na ceisteanna seo go beacht go deo agus caithimid imeacht de réir mar a deir seanchaithe linn agus daoine a nglacann muid leo go bhfuil fios a labhartha acu.

Chuaigh mé chun cainte ar ndóigh le Pádraig Johnny Jimmy. Thug sé roinnt mhaith eolais dom faoin mbád agus dúirt sé liom dul chun cainte le Pádraig a' Mháille as Doire Fhéarta Beag. Tá an-chur síos ag Pádraig ar sheanchas na mbád agus rudaí nach iad. D'iarr mé dhó cén fhaid An Mhaighdean Mhara déanta. Cosúil le seanchaí maith ar bith dúirt sé "Bhuel, ní féidir liom dáta a thabhairt dhuit ach inseoidh mé scéal dhuit. Tá Nóra John, máthair Jimmy an Oileáin curtha le trí scór agus chúig bhliana. Bhí sí ceithre scór agus chúig bhliana an uair sin. Bhí sí ina gasúr scoile - seacht nó ocht de bhlianta - agus í in éineacht le Seán Mháire Ó Flaithearta lá (athair mór Pheadar Ó Flaithearta, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge). Bhí seisean ina ghasúr beag scoile ag an am freisin. Bhí an bheirt acu ag spraoi ar urlár an bháid seo (An Mhaígdhean Mhara) agus í dá déanamh ag an Stáidín i gCuilleán. Thit Seán agus baineadh fiacail as. Anois oibrigh amach tú féin cén bhliain ar tharla na heachtraí seo. Má tá an bhliain mí-cheart is ormsa an locht ach déanaim amach gur thart ar 1852/53 a déanadh An Mhaighdean Mhara.

  An Mhaighdean Mhara ag treabhadh na farraige amach ó Árann.

An Mhaighdean Mhara ag treabhadh na farraige amach ó Árann.

An Saor A Thóg Í

Sé Pádraigín Mhíchil Rua Mac Donnchadha an saor. Bhí seisean ina chónaí i Leacracha Móra i dTír an Fhia. Thagadh sé aniar i ngleoiteog. Chomh maith leis An Mhaighdean Mhara rinne sé go leor bád eile -An Fancy atá sa Músaem i gCúl Trá, Co. an Dúin, An Lady Mhór atá ag Ben Mac Donnchadha i mBleá Cliath, Naomh Mártán, An Venus, An Beárbar (bád Bheachla an Fhatharta), An Package, An Bhruinnillín (bád Staunton).

Ba uncail é Pádraigín Mhíchil Rua le Peaitsín John Mhíchil Rua, Máirtín John, agus Mike John. Bhí siad seo ar fad ag obair inti. Is i Meiriceá a phós Peaitsín John agus is i mBaltimore a rugadh Jimmy agus Johnny Pheaitsín John. Dála an scéil, tá beirt mhac le Pádraig Mhíchil Rua – Micí agus John, saortha bád - curtha i mBoston.

  Pádraig Johnny Jimmy agus a dheartháir Michael ag tíocht le céibh ag Caladh Thaidhg.

Pádraig Johnny Jimmy agus a dheartháir Michael ag tíocht le céibh ag Caladh Thaidhg (© Cian de Buitléar 1991).

  Pádraig Johnny Jimmy, úinéir an <i>Mhaighdean Mhara</i>, agus a dhroim le halmadóir.

Pádraig Johnny Jimmy, úinéir an Mhaighdean Mhara, agus a dhroim le halmadóir (© Cian de Buitléar 1991).

Bhi Pádraig ag obair ar bhád, An Chéirseach i nDoire Fheárta do Terry Mhicil Óg nuair a bhásaigh sé. Bhí gleoiteog aige féin fágtha ar Aill Theach an tSalainn (aníos ó Chaladh Thaidhg) a thugadh aniar as Tir an Fhia é mar a dúirt sé. Fuair sé bás ar Chnocán na hÓinsi, áit a bhfuil an tÓstán anois. Déanadh tórramh air igCuilleán, i dteach Mháirtín John. Sí An Mhaighdean Mhara a thug siar go Garumna é, lá'l Mhic Dara, áit a bhfuil sé curtha.

Chuaigh an bád go dtí Jimmy Pheaitsín John. Fuair Jimmy Pheaitsín saol fada. Bhí sé 95 nuair a bhásaigh sé. Bhí Johnny Jimmy ag obair innti lena athair nuair a bhí sé trí bliana déag. Thóg sé ceannas uirthi ar fad nuair a bhí sé scór bliain d'aois, sa mbliain 1944.

Bhíodh a dheartháir Máirtín Jimmy ag obair leis agus bhíodh Micil Sheáin Terry agus Tomáisín Phóil as Doire Fheárta innti.

Ar an 21 lúil 1988 a bhásaigh Johnny Jimmy agus thóg a mhac Pádraig í agus é féin scór bliain, díreach cosúil lena athair. Sé Pádraig an cúigiú glún de chlann Mhic Dhonnchadha atá sa Maighdean Mhara.

Ainm An Bháid

Bhí deck fada ar An Mhaighdean Mhara ar dtús, píosa maith siar ón gcrann ach giorraíodh é le níos mó lasta a thógáil. Cuirtear an cheist go minic, cén chaoi a bhfuair sí an t-ainm sin. Séard a dúirt Pádraig a' Mháille liom go raibh an saor ag obair uirthi lá. Tá carraig bheag sa bhfarraige amach ón áit a raibh sé ag obair. Bhí an charraig díreach léi agus chonaic sé lámh ag teacht aníos ón bhfarraige ar an gcarraig. "Tá ír baistithe" a deir sé. "Tabharfaidh muid An Mhaighdean Mhara uirthi".

Ré Oibre An Bháid

Rinne sí an obair a rinne chuile bhád mór eile - móin go hÁrainn, agus Cinn Mhara, lasta anoir as Gaillimh ag siopadóirí Chonamara. Scilling an tonna a fuair siad ar an ualach agus chuiridís ballasta amach i nGaillimh le ualach níos mó a thabhairt siar. Ba throm an obair í ag curballasta isteach agus amach sna báid gan aon deis.

Tharraing An Mhaighdean Mhara ag siopa Chonroy i Ros Muc, ag O'Donnell agus Kane ar an gCeathrú Rua agus ag Monica Réamoinn i dTír an Fhia agus ag Larry Farmer i dTrá Bháin. Chaithtí í a fholmhú le curachaí anseo. Tharraing sí stuf ag Beachlaín Bermingham i gCinn Mhara, go dtí An Chéibh Nua agus feamainn chuig Delia Lydon i nGaillimh.

Anuraidh a rinneadh comóradh ar thógáil shéipéal na Ceathrún Rua, 100 bliain ó shin. Sí An Mhaighdean Mhara a thug an t-ábhar uilig amach as Gaillimh le haghaidh an tseipéil chomh maith le ábhar don scoil agus do theach an tséiplínigh. Sé Peaitsín John a bhí ag plé léi an uair sin.

Le teacht na leoraithe go Conamara agus leictreachas agus gás in Árainn tháinig deireadh le obair na mbád. Ní raibh fágtha ag tarraingt mhóna ag tús na seachtóidí ach An Tónaí agus An Mhaighdean Mhara. I rith na mblianta is iomaí duine a dúirt liam faoin bpléisiúr a bhain siad as an turas go hÁrainn ar cheann de na báid seo luchtaithe le móin. Bhí Pádraig Johnny Jimmy in éineacht lena athair agus Máirtín Jimmy ar an turas deireadh le móin as Caladh Thaidhg. Go hlnis Meáin a chuaigh siad. Bhr sé seacht nó ocht de bhlianta ag an am.

Bhí an bád ina cónaí ar feadh cúpla bliain go dtí gur thosaigh an athbheochan i lár na seachtóidí. Bhuaigh si an chéad gheall aríst i gCiII Chiaráin in aghaidh an Morning Star, agus bhuaigh sí an chéad gheall sios go Cinn Mhara le móin, agus an geall thíos chomh maith.

Faoin am seo bhí roinnt mhaith oibre le déanamh uirthi agus chaith si dhá bhliain ina cónaí. Sé Johnny Jimmy a rinne go leor den obair uirthi agus sé Colm Mhichael Labhráis a chuir craiceann uirthi. Ní raibh sí ach réitithe nuair a bhásaigh Johnny, beannacht Dé lena anam.

Chomh maith leis an mbád a dhéanamh siad clann Mhic Dhonnchadha féin a rinne na seolta di go dtí gur cuireadh terylene uirthi timpeall 1990. Nuair a chuirtear ceist cé acu is deise de bháid Chonamara tá An Mhaighdean Mhara luaite i gcónaí ar cheann acu. Deirtear gur tháinig Máirtín Ó Cathasaigh ag breathnú uirthi agus é ag iarraidh múnla di a thógáil. Dar leis ba mhór an spóirt í.

  Johnny Jimmy Pheaitsín sa <i>Mhaighdean Mhara</i> ag geall i gCiII Chiaráin.

Johnny Jimmy Pheaitsín sa Mhaighdean Mhara ag geall i gCill Chiaráin.

Bád Ádhúil

Ba bhád an-ádhúil í i gcónaí. Níor briseadh ariamh í agus níor tharla aon droch thimpiste do éinne a bhí ag plé léi. Cosúil le go leor bád eile, bhíodh corr-bhraon poitín innti ag dul soir. Tógadh Jimmy Pheaitsín i gCinn Mhara inti le 16 galún poitín. Tugadh tow go Gaillimh di agus bhí sí coinnithe sa dug. Bhí an bád le díol, le n-íoc as an fine ach d'íoc duine eicínt é agus scaoileadh léi. Dúirt Pádraig a' Mháille liom go raibh na Johnannaí agus na Báillí an-mhór le chéile i gcónar agus nach ndéanfadh tada Jimmy Pheaitsín nuair a fuair sé an sean-phinsean ach a dhul síos go Gaillimh leis an gcéad deoch a thabhairt do Johnny Phetair.

Dúirt Pádraig liom freisin gur tháinig Sasanach go dtí é féin blianta beaga tar éis an chogaidh ag cur tuairisce An Mhaighdean Mhara. Tar éis a bheith ag caint le Johnny Jimmy thairg sé £700 uirthi. Ba mhór an méid airgid é ag an am. Chuaigh Johnny go dtí a athair "A h-ainm féin ní dhíolfainn ar an méid sin, ná ar sheacht míle dhéag. Níor fhág sí ariamh mé gan builín ná muigín tae", a deir sé.

Bhí báid eile ag na Johnannaí freisin. Bhí An Bileachaí acu a rinne Johnny Keane i gCinn Mara. Bhí sí ag Seán Ó Riada níos deireannaí agus briseadh í thiar faoi Gharumna. Bhí An Beautín acu. Muintir Chonghaile as Leitir Meallain a rinne í. Cailleadh í i gCuilleán. Bhí An Geárdnar acu a rinne an Ráinneach. Is de seo a báthadh Johnny Pheaitsín John.

An Mhaighdean Mhara ag seoladh níos fearr ná ariamh na laethanta seo le sean-seolta calico nó le seolta nua terylene. Anuraidh, bhuaidh sí Corn Chlíodhna Cussen, le haghaidh na sraithe seoltóireachta do bháid mhóra. Go mba fada buan Pádraig Johnny Jimmy agus a chriú agus An Mhaighdean Mhara.

Tá mé fior-bhuíoch do Phádraig Johnny Jimmy agus do Shannon, do Phádraig a' Mháille agus Nóra a chuir fior-tháilte romham agus a thug chuile chabhair dom leis an alt seo a chur i dtoll a chéile.