Skip to main content

Bobby Beggs - báireoir a maireann a cháil

[Gan Teideal]

Séamas Ó Cualáin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2005. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Deireadh an seandream fadó go mbíodh daoine áirithe ann a raibh sórt draíocht acu ó dhúchas agus go raibh sin acu gan fhios dóibh féin. Anois má bhí peileadóir ar bith in Éirinn riamh a raibh an tréith seo ag roinnt leis, déarfainn gurbh é Roibeard Ó Beig é, an Bleácliathach, a raibh a ainm i mbéal na tíre sna tríochaidí agus i dtús na ndaichidí, agus gnaoi agus gean air dá réir.

Ba eisean a chorraíodh an lucht leanúna lena imirt bheaga bhríamhar bhuanseasmhach, agus ba dheas uaidh i gconaí fuinneamh úrnua a chuir ina chomhimreoirí in am na géarbhroide. Agus, maidir le greann, ní raibh a shárú le fáil.

Peileadóir crua fáiscithe a bhí i Roibeárd, agus an méid a chaill sé san airde thug sé isteach sa díocas agus sa chaondúthracht é. Ní fhéadfaí a chuir ina leith choíche gur stríoc sé ón gcomhlann ba ghéire, mar ní chuirfeadh an saol drochmhisneach ar an bhfear.

I Sceirí i gContae Bhleá Cliath a saolaíodh Mac Uí Bheig, agus ó tharla gur chaith sé a óige le ceird an iascaire bhí, dá bharr sin, cruas coirp ann agus acmhainn aige ar chruatan a fhulaingt.

I ngeall ar a thréanimirt dá chlub, Naomh Seosamh, toghadh é ar fhoireann sinsear Bhleá Cliath a bhuaigh Craobhacha Laighean i 1933 agus 1934. Aisteach go leor, ba iad na Gaillimhigh a cheansaigh na Bleácliathaigh na blianta seo - i gcluiche leathcheannais na hÉireann i 1933 agus sa chluiche ceannais i 1934. I lár páirce a d'imríodh Roibeárd ag an am agus ní raibh cinneadh go deo leis i 1934 nuair a bhris na Bleácliathaigh ar na Ciarraígh i dTrá Lí (leis an scór 3-8 i gcoinne 0-6) agus arís sa bhabhta deiridh nuair a loic a chontae in aghaidh fhir an Iarthair. Go gairid taréis dó Corn an Bhóthair Iarainn a ghnóthú le Cúige Laighean i Márta 1935, thug fear Sceirí a aghaidh siar ar Chathair na dTreabh mar ar lonnaigh sé go dtí 1941. Chreid sé féin gurbh iad na blianta seo an chuid ba shuntasaí agus ba ghile dá shaol uile.

Toghadh Roibeard Ó Beig ar fhoireann na Gaillimhe den chéad uair i 1935, agus an fhad a bheidh meas an Ghaeil ar chrógacht agus ar dhílseacht, tráchtfar ar mhórimeachtaí Roibeáird mar leathchúlaí láir i gcaitheamh a thréimhse san Iarthar. Bhí sé i mbláth a nirt is a mhaitheasa an uair úd agus é chomh haonrianach, chomh seasta le cúrsa na gréine féin.

Ní bheadh aon chuntas ar an mBleácliathach cruinn baileach gan tagairt a dhéanamh dá chuid niachais i gcoinne Mhaigh Eo i gcluichí ceannais Chonnacht ó 1935 go 1940 agus in éadan Ros Comáin i 1941, ach chuir sé an dlaoi mhullaigh ar a chuid imeartha i 1938 nuair a cuireadh an cath ar Chiarraí i gCluiche Ceannais na hÉireann.

Níor mhistigh a lua go raibh forlámhas ag na Muimhnigh i lár na faiche agus ó tharla sin a bheith amhlaidh, tháing meáchan na n-ionsaithe ar na leathchúlaithe dochloíte - Proinsias Ó Conduibh, Roibeárd Ó Beig agus Séarlas Ó Conaola. Ní raibh goir ná gaobhar ag a chéile comhraic, Séarlas Ó Súilleabháin, ar an mBleá Cliathach.

Shroich Gaillimh an babhta deiridh de Chraobh Cheannais na hÉireann i 1940 agus arís i 1941, ach mar bharr ar an mí-ádh briseadh orthu an dá thuras.

Bhí Roibeárd Ó Beig diomúch go maith de thoradh na dtubaistí seo agus d'fhill sé ar an bpríomhchathair arís. Bhain sé Craobh Laighean lena chontae dúchais i 1942 - agus cé chasfaí orthu sa bhabhta deiridh ach Gaillimh! Ach an iarraidh seo, d'agair na gaiscígh cois Life treascairt na dtríochaidí ar na Gaillimhigh agus rug siad leo Corn Mhig Uidhir.

Fad is a bhí Roibeárd san Iarthar bhuaigh sé, i dteannta Chraobh na hÉireann i 1938, Craobh Chonnacht trí huaire, an tSraithchomórtas Náisiúnta i 1940 agus dhá chraobh contae leis an gclub nuabhunaithe, Club Wolfe Tone.

I 1943, bhí mé i bPáirc an Chrócaigh nuair a stiúraigh Roibeárd club a dhúiche féin, Cláirseacha Sceirí, chun bua i gcraobh shóisear a chontae. Agus ní gá dom a rá gur gheal mo chroí do sheanfhéinní na gcéadta cath.

Áthcliathach ó dhúchas ba ea fear Sceirí, ach go lá a bháis ba Ghaillimheach dílis é agus níl am dá mbíodh peileadóirí an Iarthair ag iomaíacht cois Life nach bhfeictí é chomh díograiseach agus chomh líofa is a bhí ariamh. Ga ndéana Dia trócaire ar a anam dílis.

Is buaine bladh ná saol!