Skip to main content

Aifric - Óige Chonamara ar an Teilifís

Tadhg Mac Dhonnagáin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2014. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá sraith nua don óige coimisiúnaithe ag TG4 chun a gcéad deich mbliana ar an aer a cheiliúradh. Anseo tugann duine de scríbhneoirí na sraithe, Tadhg Mac Dhonnagáin, léargas ar céard atá i ndán dúinn ar an scáileán.

An samhradh seo, i stiúideo scannán ar an Tulaigh, chaith os cionn trí scór duine óg trí mhí ag aisteoireacht os comhair ceamara. Is as Gaeltacht Chonamara formhór na n-aisteoirí óga seo. Bhí siad ag glacadh páirte i gceann de na chéad sraitheanna drámaíochta teilifíse a rinneadh riamh sa tír seo, i nGaeilge nó i mBéarla, do dhéagóirí. Aifric atá mar theideal ar an tsraith agus feicfear ar TG4 é amach sa bhFómhar.

Beidh trí chlár déag leath uair an chloig sa tsraith. Telegael, comhlacht léiriúcháin an Spidéil a bhfuil aithne i bhfad is i ngearr orthu atá mar léiritheoirí ar an gclár agus Paul Mercier, duine de na drámadóirí is mó taithí in Éirinn atá i mbun stiúrtha.

Thosaigh mé féin ag plé le taobh na cumadóireachta den tsraith breis is dhá bhliain ó shin, nuair a thug Micheál Ó Domhnaill cuireadh dom a bheith páirteach in iarratas a bhí á chur isteach chuig TG4, le sraith do dhaoine óga a chruthú. Sé Michéal an té atá i gceannas ar chláracha nua a fhorbairt don chomhlacht Telegael sa Spidéal. Thug sé cuireadh chomh maith do Phaul Mercier (fear atá ag cur faoi ar an gCeathrú Rua le cúpla bliain anuas) a bheith páirteach.

An treoir a bhí faighte ó TG4 againn ná a bheith ag cuimhniú ar chlár a bheadh cineál cosúil le leithéidí Malcolm in the MiddleLizzie Maguire. Cláracha iad sin a chuireann síos ar shaol déagóirí agus ar an ngaol atá ag na carachtair lena muintir, lena gcairde ar scoil (agus lena naimhde!) agus leis an bpobal go ginearálta. Ní hionann agus sobalchláracha ar nós EastendersRos na Rún, tá béim mhór ar an ngreann sa dá shraith a bhí luaite. Bhí fonn ar an triúr againn a chum Aifric tabhairt faoi shraith den sórt sin.

Tar éis cúpla cruinniú a chaitheamh ag plé ár gcuid smaointe, bhí bunphlean garbh againn agus chuir muid é sin faoi bhráid TG4. D'éirigh leis an iarratas s'againne agus bhronn TG4 airgead forbartha orainn le scéalta a chumadh don tsraith.

Nuair a bhí foireann bheag scríbhneoirí curtha i dtoll a chéile againn agus na scéalta cumtha, chinn TG4 ar trí script déag a choimisiúnú. Tosaíodh ar na scripteanna sin a scríobh i dtús na bliana 2005. Faoin am sin, bhí Micheál Ó Domhnaill, a chomhghleacaí Lucia Gavin agus foireann Telegael tar éis bóithre na tíre a thaisteal, ag cuartú aisteoirí óga le páirt a ghlacadh sa tsraith. Eagraíodh éisteachtaí anseo san larthar, i nDún na nGall, i gCúige Mumhan agus i mBaile Átha Cliath chomh maith. Chuir breis mhaith agus míle duine óg ar fud na tíre isteach ar na héisteachtaí agus as sin, roghnaíodh an trí scór duine a ghlac páirt sa taifeadadh ar an Tulaigh. lna measc tá Grainne Bleasdale ó Bhaile na hAbhann, Dónal Ó hÉalaí ó na hAille, Léan agus Cárthach Bán Breathnach agus Eoin Ó Dubhghaill ón gCathair, Máirín Ní Ghaora ó Charna, Sláine Hutchinson agus Céitilís Ní Bheaglaíoch, beirt chailín ó Ghaeltacht Chiarraí agus Clíona Ní Chíosáin ó Bhaile Átha Cliath i bpáirt "Aifric".

Cuireann "Aifric" síos ar chailín sna déaga a bhogann siar go hlarthar na hÉireann lena muintir. Is ann a chuireann sí aithne ar chailín áitiúil, Sophie, atá mar dhlúthchara aici. Cuireann sí aithne chomh maith ar raicleaichín ghránna, Claudia, a bhíonn i gcónaí ag iarraidh trioblóid a tharraingt. Tá triúr leads sa scoil chomh maith, Maidhc, Jimín agus Bertie, a bhíonns ag diabhlaíocht agus iad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na múinteoirí. B'fhearr leis an bpríomhoide, an Máistir Ó Tuathail, bheith áit ar bith seachas ar scoil. Tá croí lníon Uí Chlochartaigh, múinteoir óg, ídealach briste, agus í ag iarraidh aird na scoláirí a dhíriú ar an ábhar fíorspéisiúil a bhíonns ar bun aici féin - Oideachas Saorántachta, Sóisialta agus Polaitiúil. Maidir leis an múinteoir eolaíochta, an Máistir Ó Céide, níl tada ina chloigeann siúd ach bheith ag rith i ndiaidh lníon Uí Chlochartaigh.

Dhá dhonnacht iad cúrsaí ar scoil, bíonn ar Aifric cur suas lena muintir sa mbaile chomh maith. ls cineál hippy í a máthair, Janis. Cuntasóir crúogach é a daid, Tom, ar maith leis bheith ag casadh rock 'n roll lena bhanna ceoil, ina chuid ama saor. Agus bíonn deartháirín beag Aifric, Traolach ag cur isteach uirthi go síoraí lena chuid pleananna aisteacha leis an saol a dhéanamh níos fearr don teaghlach agus don domhan mór ina thimpeall.

Bhí obair dhian ag baint leis an taifeadadh, a lean ar aghaidh ar feadh trí seachtain déag. Tógadh seiteanna móra sa stiúideo ar an Tulaigh - an scoil a bhfuil Aifric ag freastal uirthi, Pobalscoil Leitir Láir; a teach, a seomra codlata agus an chipper áitiúil, Tigh Bhaba.

Dom féin mar scríbhneoir, bhí draíocht ag baint le siúl thart ar na seiteanna seo den chéad uair, ag feiceáil na seomraí seo os mo chomhair nach raibh iontu go dtí sin ach smaointe ag snámh thart i mo chloigeann le dhá bhliain anuas, sular thosaigh an lucht deartha á leagan amach.

Ba mhar a chéile an scéal agus mé ag castáil ar an bhfoireann aisteoirí, ag tabhairt faoi deara an bealach a bhí acu lena dtuiscint féin ar an script a chur in iúl ina gcuid aisteoireachta. Maidir leis na haisteoirí óga, ní raibh taithí ar bith ag a bhformhór ar an drámaíocht teilifíse. Ach tháinig siad isteach ar an gceird gan stró agus creidim féin go bhfuil siad chomh maith agus níos fearr le haisteoir ar bith dá n-aois atá feicthe agam ar Nickelodeon ná ar an Disney Channel. Bhí foireann den scoth ag plé leis an scannánaíocht, idir chriú ceamara, lucht deartha, lucht feistis agus foireann eagarthóireachta. Is ón taobh seo tíre cuid mhaith de na daoine seo, teicneoirí a bhfuil an-scil acu sna gnéithe éagsúla den cheird a mbíonn plé acu leo, rud a léiríonn an fhorbairt atá tagtha ar an tionscal teilifíse sa taobh seo tíre ó tháinig TG4 ar an bhfód deich mbliana ó shin.

Maidir leis an stiúrthóir, ní fhéadfaí sárú Phaul Mercier a fháil- fear a bhfuil an t-uafás taithí aige ar oibriú le daoine óga, mar dhrámadóir agus mar mhúinteoir, fear a bhfuil samhlaíocht iontach aige agus é ag plé le script, agus fear a bhfuil fuinneamh aisteach ann. Is beag stiúrthóir a thabharfadh faoi trí cinn déag de dhrámaí teilifíse a stiúrú, ceann i ndiaidh a chéile agus caighdeán chomh hard a bhaint amach ó thús deiridh. Seachas rud ar bith, tá acmhainn iontach grinn sa bhfear, rud a bhí riachtanach leis an jab seo a dhéanamh ó thús deiridh.

Is mar chuid de cheiliúradh deich mbliana TG4 a bheidh Aifric á chraoladh, ag tosú thart ar Oíche Shamhna. Bígí ag faire!

Aisteoirí <i>Aifric</i>.

Chun tosaigh: Clíona Ní Chíosáin, Gráinne Bleasdale. Dara Sraith: Léan Bán Bhreathnach, Gráinne Pollak, Tomás Ó Riada, Máirín Ní Ghaora, Sláine Hutchinson, Céitilís Ní Bheaglaíoch. Ar chúl: Eoghan Ó Dubhghaill, Colin Murray, Cárthach Bán Breathnach, Josef Hrehorow, Luke Ó Riada, Áine Ní Ghábháin, Aisling Ní Chonghalle, Nóra Ellen Ní Chualáin, Fiona agus Tríona Ní Chualáin, Pádraig Ó Tuairisg, Nathan Walshe agus Aoige Ní Ghiollabháin.

Aifric - Óige Chonamara ar an Teilifís