Skip to main content

Cinegael: Fiche Bliain ag Fís

Coiste Eagarthóireachta an Phléaráca

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1993. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Seanscoil an Chnoic i gCois Fharraige, a úsáideadh mar stiúideo nuair a bhí Bob Quinn ag déanamh an scannán Caoineadh Airt Uí Laoghaire i 1974. Ba é an chéad scannán drámaíochta Éireannach ó deineadh The Dawn sna triochadaí. Ní hamháin gur deineadh i gConamara é ach baineadh úsáid as aisteoirí áitiúla ar an gcuid is mó. B'iad iad an dá réalt sa scannán Seán Bán Breathnach agus Caitlín Nic Dhonncha as Ros a' Mhíl.

D'fhág Bob Quinn RTÉ i 1969 mar gur chreid sé go raibh an eagraíocht imithe ar strae agus th'éis píosa a chaitheamh i London agus i nDún na nGall tháinig sé go Conamara, lena bhean Helen agus a mhac óg Robert. Is i Ros Muc a chuireadar fúthu i dtosach. Th'éis píosa bhogadar go Baile na hAbhann agus chaith sé tréimhse, sa teach atá ag Máirtín Lally anois, sna Forbacha, sar a shocraigh sé sa Cheathrú Rua.

 Seán Bán Breathnach sa scannán <i>Caoineadh Art Uí Laoghaire</i>.

Seán Bán Breathnach sa scannán <i>Caoineadh Art Uí Laoghaire</i> a rinne Cinegael beagnach scór bliaín ó shoin. Beidh sé le feíceáil Déardaoín 16ú ín óstán na Ceathrún Rua.

Bhí Cearta Síbhialta na Gaeltachta in aird a réim an uair sin agus le beirt de na daoine ba ghníomhaí sna Cearta, Seosamh Ó Cuaig agus Toni Cristofides, bhunaigh sé an comhlacht scannánaíochta Cinegael. Ba é Seosamh Ó Cuaig a cheap amach an t-ainm. Chuir Cinegael chun oibre ag eagrú cúrsa traeneála do dhaoine óga in úsáid ceamara fístéipe. I measc cuid de na daoine a traeneáladh, bhí Tom Rua Mac an Iomaire, Máirtín Davy Ó Coistealbha agus Joe Brennan - triúr atá ag obair anois i Radio na Gaeltachta, beirt acu mar leas-cheannairí. Sa chéad bhliain de Cinegael ar an saol rinne an comhlucht roinnt fístéipeanna de imeachtaí áitiúla agus taispeánadh thart iad sna tithe tábhairne ag an am. Ach ba é Caoineadh Airt Uí Laoghaire i 1974, a déanadh i seanscoil an Chnoic, a chuir tús leis an borradh nua i scannánaíocht Éireannach. Níl fágtha de Sheanscoil an Chnoic anois ach na ballaí chun tosaigh.

Is iomaí clár teilifíse déanta ag Bob Quinn agus a chomhlucht Cinegael le 20 bliain anuas. Tá a chuid oibre préamhaithe i saol Ghaeltacht Chonamara. Faigheann sé cuid mhaith dá inspioráid anseo agus tugann sé léiriú an-tuisceanach ar saol na ndaoine ina chuid oibre. Níl mórán áit don rómánsúileacht ina chuid scannán.

Ar an Déardaoin 16 Meán Fómhair beidh deis ag daoine cuid den obair is tábhachtaí de chuid Bob Quinn agus Cinegael a fheiscint in Ostán na Ceathrú Rua, nuair a thaispeánfar: Caoineadh Airt Uí Laoghaire (1974), Cruinniú na mBád (1979); Last Days of the Gaeltacht (1980).

Tá pobal Chonamara agus pobal na hÉireann go mór faoi chuimín ag Bob Quinn. Ní hamháin gur chuir sé tús leis an aithbheochaint sa scannánaíocht sna seachtóidí le Caoineadh Airt Uí Laoghaire ach thar éinne eile ba é a bhí mar inspioráid leis an gcraolacháin triallach de Theilfis na gGaeltachta, i Ros Muc 6 bliain ó shoin. Eisean agus Meitheal Oibre Theilifís na Gaeltachta a thaispeán cé chomh tábhachtach is a bhí sé go gcuirfí seirbhís teilifíse tré Ghaeilge agus é lonnaithe sa Ghaeltacht, ar bun. Is gearr go mbeidh toradh le feiscint ar na scáileáin ar a chuid oibre, tá súil againn.