Skip to main content

TG4…TnaG...Teilifís na Gaeltachta

Coiste Eagarthóireachta an Phléaráca

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2006. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Beidh TG4 deich mbliana ar an aer an Oíche Shamhna seo teacht. Bunaíodh an stáisiún i 1996 de bharr feachtas láidir ar cuireadh tús leis i 1987. Chuir muid ceist ar chuid den dream a bhí páirteach sa bhfeachtas sin, iad siúd a bhí páirteach sa gcraoladh bradach as Rosmuc i 1987 agus sa bhFeachtas Náisiúnta Teilifíse ina dhiaidh sin, céard a cheap siad de TG4 anois théis na deich mbliana seo caite?

Ag fáil réidh don chraoladh bradach ó Chnoc Mordáin i 1987.

Ó chlé: Piaras Ó Gaora, Colm Ó Mainín, Norbert Payne, Bob Quinn, Joe Mac Donnacha - ag fáil réidh don chraoladh bradach ó Chnoc Mordáin i 1987 (pic: Archiva Chonamara).

"Éacht chraoltóireachta ab ea TG4 a chur ar an aer i 1996 agus tá go leor bainte amach ag an tseirbhís ó shin, ó thaobh lucht féachana a mhealladh agus a choinneál. É sin ráite, creidim go bhfuil sé thar am breathnú go fuarchúiseach ar roinnt nithe: bunfhealsúnacht na seirbhíse maidir leis an nGaeltacht, polasaí maidir le fotheidil Bhéarla a úsáid go forleathan, a laghad Ghaeilge a úsáidtear le linn próiséas déanta na gcláracha Gaeilge a choimisiúnaítear do TG4. Do réir mo thaithí, sí an Bhéarla is mó a usáidtear mar theanga oibre agus cláracha á ndéanamh, fiú amháin sa Ghaeltacht agus is in olcas atá an scéal ag dul."

Donncha Ó hÉallaithe, lndreabhán, duine den Mheitheal a chuir an stáisiún bradach "Teillfis na Gaeltachta" ar bun i Ros Muc sa bhliain 1987.

"Sé mo bharúil faoi TG4 anois ná gur staisiún é atá ag dul i bhfeabhas i gconaí. Baineann mé taitneamh as cláracha ar nós "Fíorscéal" agus "Séideán Staire", ceapaim gur cuid de na cláracha teilifíse is fearr iad seo atá Ie fáil ar staisiún ar bith. Clúdaíonn TG4 an nuacht agus an sport go maith ach ba mhaith liom dá mbeadh níos mó nuacht áitiúil air.

Cuid de na míbhuntáistí a fheicim ar an stáisiún ná go mbíonn go Ieor seanscannáin air go minic agus ar éigin tada nua-aimseartha. Freisin déantar drochaistriúcháin agus canúint ar chláracha teilifíse gasúir agus tá sé deacair iad a thuiscint ní amháin do ghasúir ach do dhaoine fásta chomh maith - ní cheapaim gur Gaeilge nádúrach a chuirtear ar na cláracha seo."

Micko Ó Conaire, Ros Muc, duine den mheitheal a chuir an stáisiún bradach "Teilifís na Gaeltachta" ar bun i Ros Muc sa bhliain 1987.

Nuair a bhí díospóireacht náisiúnta ar siúl faoi bhunú bealach teilifíse nua, an argóint ba mhó a bhí ar a shon ná an géargá a bhí ann go mbeadh a laochra teilifíse féin ag páistí agus ag déagóirí a bhí á dtógáil tri Ghaeilge.

Tá an-mholadh ag dul d'fhoireann agus do bhainistíocht TG4 as ucht na laochra sin a chur ar fáil. Cé a chreidfeadh 10 mbliana ó shin go mbeadh a leithéidí agus Hiúdaí, Hector, Daithí Ó Ó Sé agus Áine Ní Dhroighneáin mar laochra, ní hamháin ag lucht na Gaeilge, ach ag aos óg na tíre i gcoitinne. Comhghairdeas le TG4.

Ciarán Ó Féinneadha, BÁC, ball den fheachtas Náisiúnta Teilifíse

Rinneadh obair mhór leis an staisiún a thabhairt ann ach sílim go ndearna muid ar fad faillí ó shin sa méid is nach ndearna muid léirmheas fírinneach, leanúnach ar an gcúis ar bunaíodh an tseirbhís agus ar an gcaoi a bhfuil ag éirí leo. Fealsúnacht an stásiúin an rud is tábhachtai sa deireadh. Déarfainn gur fearr go mbeadh cupla bonnchloch faoin bhfealsúnacht sin:

Ómos do phobal na Gaeilge agus do dhream ar bith atá báúil leo.

Meas ar Stair na hÉireann

Meas ar an nGaeilge mar Mheán Chumarsáide

A thuiscint nach ionann a bheith nua-aimseartha agus géilleadh do chuile fhaisean dá dtagann an bealach.

Droim láime a thabhairt do "bheibeachas" agus do "lad-achas"

"Súil Eile" a bheith ann dháiríre, thréis dhúinn a shocrú céard a chiallaíonn an téarma sin.

Seosamh Ó Cuaig, Cill Chiaráin, duine den mheitheal a chuir an stáisiún bradach "Teilifís na Gaeltachta" ar bun i Ros Muc sa bhliain 1987.

I 1987 bhí mé ar chúrsa innealtóireacht leictreonach i nGaillimh nuair a d'iarr an tUasal Bob Quinn orm an mbeadh suim agam a bheith páirteach sa gcraoladh bradach - sin "Teilifís na Gaeltachta" a chraoladh beo daite ó Fhéile an Oireachtais i Ros Muc.

B'iontach an dúshlán a bhí ann, dhá tharchuradóir a chur le chéile, ceann sa halla chun tarchur a dhéanamh ón halla i bhfoirm bíoma i dtreo an tsléibhe agus ceann ar bharr an tsléibhe. Bhí innealtóir iontach eile linn, Norbert Payne, agus d'fhoghlaim mé an oiread uaidh ó thaobh cúrsaí teileachumarsáide, stiúideoanna, fuaim agus srl. D'oibrigh mé le TnaG nuair a bhí sé dá shocrú suas i 1996, bhí mé ann ar feadh cheithre bliana. Sílim gur tharraing na hoibrithe as na Gaeltachtaí éagsúla le chéile thar cionn an t-am sin chun go leor constaicí teicniúla a sharú. Maidir leis an stáisiún anois, ní dóigh liom gur cheart an t-ainm a bheith athraithe ó TnaG go dtí TG4. Tá imní orm go bhfuiltear ag imeacht ón aidhm a bhí ag an ngrúpa a thosaigh an feachtas. Níl a dhóthain béime ar chláracha áitiúla Gaeltachta agus tá an iomarca Béarla ar an stáisiún

Joe Mac Donncha (Joe Chólman), An Cheathrú Rua, duine den mheitheal a chuir an stáisiún bradach "Teilifís na Gaeltachta" ar bun i Ros Muc sa bhliain 1987.

Ceapaim gur iontach an rud é gur bunaíodh TG4. Tá sé ag tabhairt deiseanna iontacha fostaíochta do mhuintir na Gaeltachta, ins an stáisiún féin agus freisin ins na comhlachtaí atá bunaithe chun cláracha a dhéanamh don tseirbhís. Tá cláracha breátha déanta ag leithéide Sheáin Ó Cualáin as Cill Chiaráin, Macdara Ó Curraoin as an Spidéal agus go leor eile. Tá muintir na Gaeltachta Ie feiceáil ar an scáileán agus iad chornh cumasach spéiriúil le dream ar bith ar fud an dornhain - Aoife Ní Thuairisg, Síle Ní Bhraonáin, Emer Ní Chonaola, Mairéad Ní Chuaig, Daithí Ó Sé - thógfadh an liosta iomlán an iomarca spáis. Is súil eile é. Tá an bhéim a chuirtear ar an gceol traidisiúnta agus ceoltaí eile thar barr. An t-aon imní a bheadh orm faoin stáisiún ná go bhfuil an iomarca Béarla air, caithfear tabhairt faoi é seo a laghdú nó ní bheidh ann ach stáisiún eile Béarla. Bíonn na scannaín eachtrannacha oíche Dé hAoine an-mhaith!!

Peigí Ní Chonghaile, Cor na Rón Láir - duine den mheitheal a chuir an stáisiún bradach "Teilifís na Gaeltachta" ar bun i Ros Muc sa bhliain 1987.

TG4…TnaG...Teilifís na Gaeltachta