Skip to main content

Anailís ar Thoghchán an Údaráis (2005)

Anailís ar Thoghchán an Údaráis (2005)

Donncha Ó hÉallaithe

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2005. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tugtar anseo briseadh síos, de réir boscaí, ar na vótaí a caitheadh i dtoghchán an Údaráis, mí Aibreán seo caite [2005]. Tá na figiúirí bunaithe ar na tallies a deineadh ag an gcomhaireamh agus na boscaí á n-oscailt. Níl na boscaí go léir curtha san áireamh. Níor ceadaíodh tally a dhéanamh i gcás bosca ar bith inar caitheadh níos lú ná 50 vóta. Níl aon tally ar fáil ón Turlach Beag (Ros Muc) ná ó Loch Con Aortha. Tá cúig chinn de bhoscaí na cathrach, nach bhfuil san áireamh ach an oiread.

Bua mór a bhí sa toghchán do pháirtithe an Chomhrialtais. Thóg siad 5 shuíochán as 6 chinn - 4 shuíochán ag Fianna Fáil agus ceann ag an bPáirtí Daonlathach. Athoghadh Seán Ó Tuairisg (Cois Fharraige); Seosamh Ó Cuaig (Iorras Aithneach) agus Connie Ní Fhátharta (An Cheathrú Rua). Chaill Ceantar na nOileán ionadaíocht ar an Údarás agus níor éirigh le Fine Gael an suíochán a bhíodh ag Pól Ó Foighil a choinneáil. Fuair Séamas Walsh as Uachtar Ard an suíochán a bhíodh ag Seán Ó Neachtain agus b'é Val Hanley ó Chnoc na Cathrach a thóg an ceathrú suíochán de chuid Fhianna Fáil, an suíochán a bhíodh ag Pádraig Ó Biadha.

Lá an chomhairimh bhí neart locht á chur ar an Aire Éamonn Ó Cuív agus údar leis. Eisean ba chúis le athrú na rialachán toghchánaíochta, rud a thug buntáiste mór do na páirtithe polaitíochta. A fhaillí mar Aire Gaeltachta ba chúis le vótaí a bheith ag beagnach 10,000 duine i gCathair na Gaillimhe. Scaipeadh an scéal ar imeall na cathrach go gcaithfí áiteacha amach as an nGaeltacht mura mbeadh turn out maith sa toghchán. D'oibrigh an seift agus toghadh Val Hanley, Séamas Breathnach agus Seán Creaven ar Bhord an Údaráis: beirt tofa ó Chathair na Gaillimhe agus duine eile ó Uachtar Ard ach fágadh Ceantar na nOileán gan aon ionadaíocht.

Ach ní féidir an locht ar fad a chur ar Éamonn Ó Cuív. Níorbh é ba chúis leis an droch turn out i gCeantar na nOileán (52%).