Skip to main content

Cuimhní Cinn ó Bhríd Fitz

 Mattie Ó Niaidh & Bríd Fitz.

Mattie Ó Niaidh & Bríd Fitz.

Meta Uí Mháille

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2007. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Chaith Bríd Fitz na blianta i mbun an tí ósta Tigh Fitz i gCill Éinne. Labhair Meta Uí Mháille léi faoina saol agus an chaoi ar mhair siad ar an oileán ag an am.

An rud is mó a rith liom nuair a thug mé cuairt ar Bhríd in Árás Rónáin ná an suíomh álainn a bhfuil an t-ionad seo suite gan caint ar an dream iontach atá ag rith na h-áite. Faraor níl Bríd in ann aon tairbhe a bhaint as an radharc iontach atá ar chuile thaobh di in Árás Rónáin, mar tá amharc na súl caillte aici le fada.

"Ba as Eochaill ó thús mé, thiar gar don Séipéal. Bríd Ní Fhátharta nó Bríd Cheata a bhí orm roimh pósadh. Tá mo dheartháir Tom agus mó dheirfiúr Máire Gilmartin ina gconaí ar an oileán.

Phós mé thoir i gCill Éinne. Ó deamhan fhios agam anois cén chaoi ar casadh Tom orm, grá nó bealach eicínt mar sin a bhí ann, is dóigh, Tom Mac Giolla Phádraig nó Tom Fitz mar a b'fhearr aithne air. Cé go raibh m 'fhear céile cúpla bliain níos sine ná mé bhain muid an-cheart dá chéile. Bhí cúigear clainne againn, ceathrar íníon agus mac amháin. Tá Mary Ann pósta i mBaile Atha Cliath, Kathleen atá pósta le Tomás Conneely agus ina gconaí anseo ar an oileán. Tá Margaret pósta le Jackie Gill agus ina cónaí i gCill Ronáin. Sí Penny atá sa mbaile i mbun Tigh Fitz i gCill Éinne. Tá Pádraig agus a bhean Ann ina gconaí anseo ar an oileán freisin.

Bhí teach ósta Tigh Fitz ann blianta fada sul má phós mé. Bhí Daideo, athair Tom, beo ag an am. Mac Antainín a thugadís air, Paitín Antainín. Bhí bád aige a raibh An t-Ath. Morrelly uirthi. Bhí sagart ar an oileán a raibh an t-Ath Morrelly air. Níl fhios agam a b'shin an fáth an t-ainm a bheith ar an mbád ach droch sheans.

Bád iascaigh a bhí inti, bhíodh sé amuigh ag iascach, bhí sé ag déanamh maith go leor. Bhíodh Tom in éineacht leis. Théadh said ag an margadh oíche Déardaoin go h-iondúil, i nGaillimh. Bhí bean ansin Mrs Deacy a bhíodh ag ceannacht éisc. Bhí an-tóir ag muintir Chonamara ar iasc saillte go h-áithrid breams, sin iad ab fhearr leo. Níl bream ar bith le fáil anois, is dóigh go bhfuil said ann ach nach bhfuil aon duine á dtoraíocht. Is aisteach an chaoi a bhfuil an t-iascach anois, níl an t-iasc fairsing. Caithfidh tú bád maith bheith agat agus cúnamh maith, tá costas go leor ag baint leis, ach taitníonn an t-iascach leis an dream óg. Tá mac agam féin Pádraig, ní fhanfadh sé sa mbaile ar rud ar bith, b'fhearr leis an céad punt a dhéanfadh sé ag iascach ná cibé céard a shaothródh sé ar aon bhealach eile. Tá bád iascaigh aige féin, Shauna Ann ainmnithe i ndiaidh a mhná agus a iníne.

"Muise, na creatúir cheannaigh said an saol!"

Ó bhínn ag obair sa mbéar! Ó m-anam gur dhíol mé neart pórtair. Pórtar is mó a díoltaí an uair sin agus corr leathghloine fuisce. Ní raibh caint ar bheer ná ar thada mar sin. Théis na h-oíche bhíodh corrdhuine tinn, leigheasadh an pórtar arís iad. Bhí siopa chomh maith leis an mbeár againn. Ní raibh éadach ná bróga ná rudaí den tsórt sin ann, tae, siúcra, tobac agus toitíní. Bhí sé deacair stuf a thabhairt isteach sa drochaimsir. Ní raibh Inis Mór ró-dhona ach bhí na h-oileáin thoir mar níl fhios agam an raibh aon chéibh ann an t-am sin. Bhí sé sách crua ach cheap muid féin go raibh muid thar barr, ní raibh ocras ar aon duine, buíochas le Dia.

Is cuimhin liom go maith na báid mhóna a thagadh isteach as Conamara, cé go bhfuil dearmad déanta agam ar go leor dá gcuid ainmneacha. Is cuimhin liom Micil Úna, Michael Ó Brien agus Peadar Chóil Mhóir. Bhí beirt eile, thagadh said go minic isteach sa gcéibh faoin teach i gCill Éinne le lucht móna, Mártanín agus Pádraigín Phádraig Mhicil. Thagadh said aníos ag iarraidh braon bainne le haghaidh an tae agus d'ólfadh said cupla pionta. Ní raibh bainne á dhíol sa siopa an t-am sin chor ar bith agus nuair a bhíodh fuireach chalaidh orthu ag droch aimsir ní bhfad a bheadh said ag rith amach as bainne agus arán. Is iomaí oíche a chaith said againn i ndroch aimsir, ní raibh aon mhaith a rá leo síneadh ar an leaba, b'fhearr leo suí ansin cois na tine go maidin. Muise, na creatúir cheannaigh siad an saol!

Bhíodh droch mhóin ann agus bhíodh móin mhaith ann. Sa seanairgead trí phunt deich a bhí ar lucht móna, sin lucht bád mór agus deich fichead ar lucht leathbhád. Le bheith siúráilte go mbeadh do dhóthain móna agat ar fhaitíos go dtiocfadh ort, cheannaíodh muid trí lucht bád mór. Bhí sé sách daor, ach bhí sí saothraithe go maith ag na creatúir freisin. Séard a déarfadh muid i gconaí dá mbeadh móin againn go mbeadh muid saibhir, ach nár mhaith í fháil? Tugtaí spairteach ar dhroch mhóin, "breathnaigh isteach arís iad le lucht spairtigh" a déarfadh na sean leaids.

Déantaí babhtáil in áit airgead freisin scaití, fataí nó iasc. Bhíodh neart fataí ann an t-am sin. Cuirtí níos mó fataí ná mar a bhíodh ag teastáil, ní raibh mórán eile le déanamh. Bhí na daoine níos muintirigh le chéile freisin. Roinnfeadh said chuile shórt le chéile, an rud a bhí ag duine, bhí greim ag chuile dhuine de. Nuair a mharaítí caora bhíodh píosa ag muintir an bhaile de. Bhí chuile dhuine mar a chéile. Ní hé nach bhfuil said sách muintearach i gcónaí, níl mé in ann é a chuir i bhfocla, ní hé nach roinnfeadh said le chéile ach ní thabharfadh said le rá é go mbeadh sé ag teastáil, agus tá chuile rud le ceannacht sa siopa anois!

"Ó bhínn ag obair sa mbeár! Ó m-anam gur dhíol mé neart pórtair. Pórtar is mó a díoltaí an uair sin agus corr leathghloine fuisce”.

Ba lá mór é Lá'l Peadar 's Pól, bhíodh said isteach as Conamara. Bhíodh corr race ann, fir mhaithe nuair a bhíodh braon óil déanta. Bhíodh said ag pógadh a chéile arís lá arna mhárach, sin a mbíodh de dhochar ann.

Amhráin is mó a bhíodh dá gcasadh sna tithe ósta, sean amhráin. Bhí ceoltóirí ann freisin, ceoltóirí maithe nach bhfuair aon ranganna ceoil, bhí sé acu ón nádúr. Bhíodh damhsa sna tithe freisin, bhí an chraic níos fearr ná tá anois, bhíodh sé thar cionn go dtí maidin lá arna mhárach, ansin ag iarraidh do shúile oscailt. Sheasadh bainis trí lá. Bhíodh na turasóirí ag teacht go hÁrainn i gconaí agus chuir said le saol an oileáin, ní dhearna said aon dochar déarfainn. D'imigh go leor daoine óga den oileán, bhíodh said féin ag aithris ar a chéile. Duine ar bith a raibh aon duine i Meiriceá acu ach ní chuile dhuine a raibh, thagadh parcels uathu, bhí muid ag ceapadh go raibh rudaí le fáil gan tada i Meiriceá.

Ní raibh aon suim agam féin an t-oileán a fhágáil chor ar bith, fiú le dhul go Gaillimh. B'fhearr liom a bheith sa mbaile. D'fheicfinn m'fhear céile, thaitníodh leis thart cionn dul go Gaillimh, mar gur chleacht sé a bheith ann nuair a bhíodh sé ag iascach. Tá an saol go maith ar an oileán faoi láthair, tá chuile dheis ann. Roimhe seo ní bhíodh bád ach Dé Céadaoin agus Dé Sathairn.

Ach anois tá bád faoi dhó sa ló agus trí huaire sa samhradh agus tá an t-eitleán ann ar ndóigh. An mhaith is mó faoi sin ní bhíonn an t-aistear i bhfad. Thaitníodh an t-eitleán go maith liom ach ní thaitníodh na báid. Bhíodh tinneas farraige orm an oíche sul má d'fhágfainn an teach chor ar bith ag cuimhniú air. Ní mórán trua a bhíodh dom, ag gáire a bhíodh said fúm. Ba é an taobh ba mheasa de shaol an oileáin ná na tragóidí a bhain leis an bhfarraige. Bhí an chontóirt sin ann go sábhála Dia chuile dhuine.