Skip to main content

Caitheamh Aimsirí na nDaoine sa Seansaol

Séamas Ó Cualáin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1995. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Sciotar Uisce nó Sceidíní

Cluiche deas simplí é seo a d'imrítí cois farraige áit a bhfuil neart leacóg nó Ieicíní. D'imreodh páistí, cailíní is buachaillí, fir is mná an cluiche agus bhíodh an-tóir air le linn na huaire breá – go háirithe i ndeireadh an earraigh agus i dtús an tsamhraidh.

Chloisfeá daoine ag rá: "Fág seo go ndéanfaidh muid sciotar uisce nó sceidíní!"

Níl le déanamh sa chluiche seo ach na leicíní nó na leacóga a chur ag scinneadh ar uachtar na mara. (Níor chuala mé riamh go n-imrítí an cluiche le taobh locha mar ní bheadh leicíní feiliúnacha ar fáil ansin.) An duine a chuirfeadh an leicín ag scinneadh níos faide amach ar dhromchla na farraige ba ag an té sin a bheadh an bua

Caiseal

Caitheamh aimsire eile a mbaintí an-taitneamh as agus a bhí coitianta go maith ba ea an caiseal a chur ag rince nó, faoi mar a deirtí, a chur ina chodladh.

Dhéantaí an caiseal as adhmad an-chrua agus d'fhágtaí é tréimhse sa simléar lena righniú is a stálú. D'fhéadfadh sé a bheith beag nó mór agus le go mairfeadh sé go ceann i bhfad chuirtí táirne le mullach cruinn in íochtar an chaisil.

Bhí dhá chineál caisil ann - ceann a chaití agus ceann a bhuailtí le laisc.

I dtaobh an chaisil a chaití, chuirtí eitre nó clais leanúnach gan bhriseadh ann le haghaidh ruóige nó sriogáin. D'fháisceadh an duine a bhíodh á chaitheamh an sreangán isteach go docht san eitre agus ansin chaitheadh sé an caiseal an-sciobtha le brí is Ie fuinneamh ar an urlár. Cé go mbíodh na hurláir garbh is aimhréidh go maith ag an am mar sin féin bhaineadh an té a bhí oilte ar an gcaitheamh aimsire seo ceol as an gcaiseal.

Níor theastaigh aon eitre ón gcaiseal mar d'úsáidtí laisc lena choinneáil ag dul timpeall. Bhí barriall leathair thar cionn mar sheasadh sí níos faide ná Iaisc éadaigh. Ba amuigh faoin spéir Ie linn an earraigh agus i dtús an tsamhraidh a d'imrítí an caiseal seo.

Bhí Gabha Mháire Hughie ina cheárta sna hAille an mhaidin earraigh seo agus ó tharla nach raibh aon duine ag teacht thug sé aghaidh ar an ngarraí thíos ag an gcladach le hiomaire fataí a chur. Bhí sé cromtha síos ag scaradh na sciollán nuaira tháinig gasúr go dtí é.

"Céard atá uait?" a d'fhiafraigh an ghabha.

"Tá mé ag tíocht chuig an gceárta", d'fhreagair stócach.

“Suas leat mar sin," a dúirt an gabha, "agus beidh mé suas i do dhiaidh". Bhí an gasúr ina sheasamh ag doras na ceárta nuair a tháinig an gabha tar éis míle bealaigh a chur dhe ón ngarraí.

"Cá bhfuil an t-asal?" a dúirt an gabha.

"Ní h é an t-asal atá agam," arsa an buachaill, "ach an gcuirfidh tú 'spike' i mo chaiseal?"

[Ba é Pádraig Ó Fáthartha an gabha, go ndéana Dia trócaire air, agus Micil Ó Gríofa ab ainm don ghasúr ach chinn orm a fháil amach aon eolas eile faoin ógánach.]

Tarraingt an Mhaide

Shuíodh beirt fhear urrúnta láidre ar aghaidh a chéile ar an urlár agus a gcuid cos sínte amach uathu sa gcaoi go mbeadh dhá bhonn bróg chaon duine in aghaidh a chéile. Ansin thugtaí feac láí nó cos sluaiste dhóibh.

Ach sula dtosaíodh an tarraingt shocraítí cé ag a mbeadh an dá láimh istigh agus an dá láimh amuigh sa gcéad bhabhta. Dhéantaí suíomh na lámh a mhalartú sa dara tréimhse le go bhfaigheadh chaon duine cothrom na Féinne.

Bhíodh sé ina ghéarfhéachaint nuair a thosaíodh an cluiche - duine acu ag iarraidh an duine eile a ardú den urlár. Bhíodh an lucht féachana á ngríosú agus ag rá leo gan géilleadh. Go hiondiúil mhaireadh an choimhlint an-fhada ach amanna eile b'fhéidir go ngéilleadh duine de na hiomaitheoirí éasca go Ieor. Is cinnte nach raibh gnaithe ar bith ag meatachán nó ag séacla a bheith páirteach i gcluiche mar seo.

Rud amháin faoi Tharraingt an Mhaide gur léirigh sé má bhí fabht nó mácháil ar bith sna comhlannaigh. D'imrítí an cluiche sin san Arm le géagana saighdiúirí a láidriú.

Faic

Séard a bhí sa bhFaic píosa éadaigh fite fuaite go dlúth docht ina chéile nó níb fhearr fós píosa de shúgán déanta as féar glas - bhí sé seo an-chrua ar fad.

An-chluiche a bhí anseo a d'imrítí i dtithe san airneán agus freisin ag tórraimheacha seandaoine. Ní mór cuimhneamh go mbíodh dhá oíche tórraimh ann san am (taobh thiar de dhroichead an Spidéil).

Ógfhir ba mhó a d'imríodh Faic agus níor mhór deichniúr, dháréag, nó níos mó le go mbeadh cluiche maith ann. Shuíodh na himritheoirí i bhFáinne ar an urlár agus a gcuid cos craptha isteach acu agus bhíodh fear amháin sa lár.

Thoghtaí an fear i lár báire i dtosach. Ach ba bheag den fhonn a bhíodh ar aon duine glacadh leis an gcuid seo den imirt mar ba mhinic a d'fhaigheadh seisean drochíde ó na himréoirí eile. Sé'n chaoi a gcaití crainn air seo. Thugtaí uimhir do na himreoirí ar fad agus cébí cén uimhir a phioctaí bhíodh ar an té ar leis an uimhir sin dul i lár baill.

Thosaíodh an imirt ansin. Bhíodh an Faic á chur faoi na glúine ó dhuine go duine ag na himreoirí. "Scaoiligí tharaibh an faic!" a bhídís ag fógain nó "Tharaibh, Tharaibh an Faic!" agus nuair a bhíodh an imirt faoi racht seoil ní chloistí ach "Tharaibh! Tharaibh!"

I rith an achair bhíodh an fear sa lár ar a chroídhícheall ag iarraidh breith ar an bhFaic le go bhféadfadh sé féin suí síos. Go deimhin ba iomaí sin snaidhm aniar sa droim a d'fhaigheadh sé sula n-éiríodh leis. Agus dá mba rud é go mbíodh aon sean fhaltanas - agus go hiondiúil bhíodh – idir an fear i lár báire agus duine de na himreoirí thugtaí buille nimhneach dó ó am go ham.

Tharraingíodh seo achrann. Tharla an-chuid achrainn ag tórramh seanduine in Indreabhán blianta ó shin. Bhí slua mór cruinn sa teach. Tháinig siad aniar as an mBántrach agus anoir ón Spidéal agus i ngeall ar bhuillí fealltacha a tarraingíodh tharla roinnt mhaith troda is imris in imeacht na hoíche.

 Beirtí Tim Ó Conghaile (Camus) ag caitheamh na gcruithe.

Beirtí Tim Ó Conghaile (Camus) ag caitheamh na gcruithe. Tá an-chur sios ag Séamas Ó Cualáin ar an gcluiche san alt seo.

Caitheamh na gCruithe

Cluiche simplí é a imrítear faoin aer. Bíonn dhá phionna iarainn sáite go daingean docht sa talamh agus iad thartar sheacht dtroigh fichead - nó, faoi mar a deirtí, fad trí chapall óna chéile.

Is gnách go mbíonn beirt ar gach foireann agus nuair a thosaíonn an comórtas nó an cluiche seasann duine ó gach taobh - le crú i chaon láimh leis – ag gach pionna.

Tosaíonn beirt ag caitheamh i dtreo pionna amháin agus nuair a bhíonn siadsan críochnaithe agus an scó rcomhairthe téann an cúpla eile i mbun imeartha. Caitheann siad seo i dtreo an phionna a raibh an chéad bheirt ag caitheamh uaidh.

Fearacht liathróide láimhe marc is fiche a theastaíonn le cluiche a bhuachan. An té a bhfuil a chrú níos gaire don phionna faigheann sé marc amháin ach má bhíonn a dhá chrú chun tosaigh ar chruithe a chéile comhraic éiríonn leis dhá mharc a ghnothú. Má chuireann duine an crú ina sheasamh le taobh an phionna scórálann sé trí mharc ach más rud é go gcuireann sé an crú timpeall ar an bpionna faigheann sé cúig mharc.

Cé go n-imrítí an cluiche seo in áiteanna éagsúla ar fud Chonamara blianta ó shin ba iad muintir Chois Fharraige ba mhó a bhí Iuaite leis. Leath an caitheamh aimsire sna fichidí agus sna tríochaidí agus ní dheachaigh Domhnach ná lá saoire thart nach bhfeictí sluaite bailithe ag crosbhóithre ar feadh an bhealaigh ó na Forbacha siar go crosbhóthar na Tulaí. Rud eile a chuidigh le dul chun cinn an chluiche ag an am nach raibh aon chaitheamh aimsire eile – peil nó iománaíocht - ag na hógánaigh.

Ba ag teach cairr Neilín ag ceann an Bhóthair Bhuí a bhí an t-ionad coimhlinte ag muintir chnoc na hAille. Ní raibh cinneadh ar bith le Tom Mháirtín Tom (Tomás Ó Donnchadha) as Baile na mBroghach. D'fhéadfadh an t-imreoir seo crú a chur timpeall ar uaireadóir chomh hábalta aclaí céanna agus a chuirfeadh sé timpeall ar phionna é. Ní iontas ar bith mar sin go ndeireadh muintir Chois Fharraige nuair ba mhian leo gaisce duine a mholadh: "Sháraigh sé Tom Mhairtín Tom ag caitheamh na gcruithe!"

Is dóigh gurbh í an imirce mhór as Cois Fharraige i ndeireadh na dtríochaidí agus i dtús na ndaichidí ba chúis leis an meath a tháinig ar an gcluiche. Agus níl gar a shéanadh nuair a d'imigh an capall d'imigh an cheárta agus na cruithe i leaba a chéile.

Caitheamh Aimsirí na nDaoine sa Seansaol