Skip to main content

Seán Mac an Iomaire

Louis Mac an Iomaire

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2011. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Rugadh é ar Oileán Fhiadhinse ar an gcéad lá de Bhealtaine sa mbliain 1880, duine de chúigear mac agus cúigear iníon a saolaíodh do Mháirtín Choilm Mac an Iomaire as an oileán agus do Mháire Ní Bhriain as Muighinis.

Tar éis dó an scoil a fhágáil chuaigh sé ag iascach agus ag bádóireacht i nobby, An Fr. McHugh, a bhí ag a athair. Is ag iascach scadán agus ronnach is mó a bhídís. Isteach go Cloch na Rón a bhí an chuid is mó den iasc ag dul i dtír. Chuaigh sé go Meiriceá sa mbliain 1915. Sheol sé as Cóbh an lá céanna ar cuireadh an Luisitania go tóin poill amach ó Chionn tSáile. Liostáil sé in arm Mheiriceá sa mbliain 1916 agus ag tús na bliana 1917 bhí sé ag troid i gcoinne arm na Gearmáine i dtuaisceart na Fraince.

 Seán Mac an lomaire.

Seán Mac an lomaire. Tógadh an pictiúr seo tar éis dó an oispidéal a fhágáil.

Seán Mac an lomaire & Beairtle Chluanáin as ceantar na nOileán.

lna shuí: Seán Mac an lomaire & Beairtle Chluanáin as ceantar na nOileán.

Sa mbliain 1918, dhá lá sular stop an cogadh bhain gortú mór dó agus iad ag troid i Verdun in oirthear na Fraince, bhuail rosc piléar as inneall-ghunna é. Tugadh ar ais go Meiriceá é, áit ar chaith sé 6 bliana san ospidéal.

Bronnadh trí ghradam crógachta air agus dhá Purple Heart agus réalt ór amháin.

D'fhill sé go hÉirinn sa mbliain 1931. Chuaigh sé arais go Meiriceá i 1932, bhí obair an-ghann i Meiriceá agus d' fhill sé abhaile arís i 1933.

Phós sé Nóra Ní Niadh as Oileán Fhiadhinse i 1934. Thóg sé teach i Rosdubhgáin agus is ansin a chónaigh siad. Rugadh ochtar mac agus iníon amháin dóibh. Fuair sé bás ar an 11 Bealtaine 1960. Báthadh é idir Oileán Fhiadhinse agus Ruisín na Mainiach.