Skip to main content

Séipéal Chamuis - céad bliain slánaithe aige

Pádraig Seoige

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1997. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá 100 bliain slánaithe ag Teach Pobail Chamuis. Ba ar an 15 Lúnasa 1897 a beannaíodh séipéal nua i gCamus, agus bhí an méid seo a leanas i gcló in Irisleabhar na Gaeilge, mí Iúil 1897.

"The dedication of the Camus church in Connemara will take place on the15th of August. This church has been erected in a very poor district in the wilds of Connemara by the untiring assertions of Father Joseph Cassidy, Rossmuck, Maam Cross, Co. Galway, replacing the old last chapel - last of its kind in Ireland. The ceremony is to be performed by most Rev. Dr. McCormack, bishop of Galway. It is to begin with Solemn Mass at 11.00 a.m. The sermon will be preached in Irish by the accomplished Irish Preacher, Rev. M.D Conroy, Parish Priest, Spiddal. As this is perhaps the first occasion in a century on which a dedication sermon has been preached in Irish, those who love the national tangue should avail themselves the opportunity to be present. Visitors should reach Maam Cross by train on Saturday. The station is only five miles from the new church [ag an am sin]. We are sure that many of our readers will not fail to show their appreciation of the importance of this event by, if possible participating in its celebration."

Réamhbunú

Sular bunaíodh an sean-séipéal ar an láthair seo i gCamus is cosúil go raibh amhras faoi cén áit ar cheart é a thógáil. Bhí sé leagtha amach go dtógfaí ar ionad éigin eile an séipéal ach de réir cosúlachta bheartaigh lucht na hEaglaise nó an chléir b'fhéidir (más iad siúd iad) go mbunófaí é ar bhruach na farraige san áit a bhfuil an séipéal ó shin agus freisin go bplúchfaí le crainnte é, rud de réir cosúlachta a bhí fíor mar go mbíodh a lán crainnte timpeall ar an séipéal sular athchóiríodh é i 1985. Beannaíodh an séipéal athchóirithe i searmanas athchoisreaca a bhí ar siúl ar an 16 Márta, 1985.

Gearradh anuas cuid mhaith de na crainnte go háirithe an t-am a raibh áit páircéala á dhéanamh ann roinnt mhaith blianta ó shin. Thóg an áit páircéala seo roinnt mhaith ama freisin ach b'fhiú an tairbhe an trioblóid. Níl morán crainnte timpeall ar Theach an Phobail anois agus tá radharc níos mó fós ag lucht an bhóthair is bealaigh air.

An Séipéal Mar A Bhí

Tá leagan amach difriúil go hiomlán ar an séipéal nua anois seachas mar bhí. Roimhe sin agus is cuimhneach liomsa i mo ghasúr beag go raibh boscaí faoistine srl. sa sean séipéal. Bhí an altóir thíos san áit a bhfuil áit suite anois in aice an dorais cé go bhfuil an Sacristy, mar a thugtar air, san áit chéanna fós. Is maith is cuimhneach liomsa é agus mé i mo ghasúr óg ag freastal don sagart. Ba é an tAth. Ó Lorcáin an chéad sagart ar fhriotháil mise dó i gCamus. Bhí sé mar shagart paróiste i Ros MIuc le gairid freisin ar ndóigh. D'fhriotháil mé ina dhiaidh sin don Ath. Tomás Ó Ceallaigh.

Ba laethanta pléisiúrtha a bhí iontu sin agam féin agus mo chomrádaithe a bhíodh ag friotháil an Aifrinn sa seanséipéal ag an am. Ní bréag a rá ach gur bhain muid taithneamh astu agus tá cuimhní cinn agamsa ar ná laethanta sin fós. Tá a lán de na seandaoine a bhíodh ag freastal ar an Aifreann ag an am ó gach baile imithe ar shlí na fírinne anois, go ndéana Dia maith orthu.

Má tá feabhas as cuimse (más sin an focal) tagtha sa saol ó shin, fós ba deas agus ba nádúrtha an sean dream úd. Ach oiread leis an séipéal féin, tá athrú tagtha ar an Aifreann. Tá Aifreann againn ar thráthnóna Dé Sathairn 8.00p.m. Rud eile fós ná nach raibh na mná ná na fir ag roinnt an chomaoinigh ag an am ná níor síleadh go mbeadh aon chaint air. Sin tuairim 20 bliain ó shin agus nach mór an t-athrú atá tagtha ó shin más chun leasa an phobail é. Mura bea tá súil againn nach chun aimhleasa an t-athrú mór seo go léir.

Dála an scéil bhí clog an tséipéil ann an uair sin freisin agus is cuimhneach liomsa cúpla fear ag tarraingt an tslabhra mhóir chun clog an Aifrinn a thosnú. Tá an clog difriúil anois freisin cé go bhfuil sé ann agus nuair a chloisfeá an clog ag bualadh bheadh a fhios agat go mbeadh sé in am agat a bheith ag tógáil do shuíocháin le hAifreann a éisteacht.

Ceapaimse go bhfuil an séipéal suite i suíomh deas ar bhruach na farraige cé nuair a bhíodh taoille árd ann san am a caitheadh go dtagadh an t-uisce isteach i dtreo an tséipéil agus fiú isteach sa séipéal féin. Ní minic a tharlaíonn sé seo anois, buíochas le Dia.

Sagairt

B'iomaí sagart a bhíodh ag freastal i gCamus ó bunaíodh an séipéal. Ní cuimhneach liomsa ach roinnt bheag díobh agus ba é an tAth. Paddy Callanan P.P. an chéad sagart a bhfuil cuimhne agam air. Tá sé imithe as le fada an lá. Ba é an tAth. Ó Lorcáin a tháinig ina dhiaidh. Ansin tháinig an tAth. Ó Ceallaigh, an tAth. Mac Gloinn, agus tá roinnt mhaith sagart ar an liosta ina dhiaidh seo - cúpla duine nó triúr díobh nach raibh ann ach seal gairid. Sé an tAth. Gearóid Ó Gríofa atá linn i gCamus anois le roinnt blianta, bail ó Dhia air. Ba col ceathar leis an tAth. Ó Catháin a bhí ann roimhe agus ba lena linn siúd a h-athchóiríodh an séipéal. Is as Inis Oírr iad beirt. Go maire siad ar fad a nuaíocht agus go gcúití Dia a saothar leis na sagairt a bhí i gCamus agus atá beo fós agus go ndéana Dia maith orthu siúd atá imithe ar shlí na fírinne. Mar a deireann an sean-fhocal "Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an láimh a chuir".

Séipéal Chamuis - céad bliain slánaithe aige