Skip to main content

Stair na nDroichead i gConamara

Coiste Eagarthóireachta an Phléarac

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1998. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá tábhacht ar leith ag baint le logainmneacha nó ainmneacha áite, agus is cinnte go bhféadfaí a rá nach bhfuil cosán ná garraí, claí ná cnocán, abhainn ná loch, ná sruthán nach bhfuil a bhlúire beag staire féin ag roinnt leo. Tá seo fíor faoi na droichid freisin. Tá stair ag baint le gach aon cheann acu, nó tá scéalta le n-aithris fúthu.

Droichead an Daingin

Tá droichid mhóra agus droichid bheaga againn. Mar shampla is droichid stairiúil é Droichead an Daingin. Deirtear go bhfuil an dá bhealach ann, an Daingean 'is an Ceann. B'iomaí bád seoil a sheol síos ann fadó agus iad ag triall ar Árainn, Cill Mhuirbí, Cill Ronáin agus ar na hoileáin le móin nó sin soir go Cinn Mhara agus Co. an Chláir.

Tá 'an Daingean' luaite sna hamhráin:

"Leis na fir a sheol na báid thrid an Daingean 'is thar an gceann
'is leis na saortha a chuir an craiceann ar na múnlaí"

Amhrán Chuigéil

Bhíodh Droichead an Daingin ag oscailt agus ag dúnadh fadó agus bhíodh fear áitiúil i bhfeighil na hoibre seo. Sílim gur chuala mé go raibh fear a dtugaidís 'Anrachán' nó 'Antrachán' ar dhuine acu. Chaitheadh seo a bheith amhlaidh chun deis a thabhairt do na báid a mbealach a dhéanamh, go háirithe na báid seoil.

Chuala mé féin scéal eile faoi Dr. Tubridy. Bhí sé ráite go raibh seisean ar dhuine den chéad dream a raibh gluaistéan acu, é féin agus Dick Toole. Ba mhó an úsáid a bhaintí san am úd as carr agus capall nó an jeaint le gabháil go Gaillimh, agus b'fhéidir níos faide ó bhaile le stuif a tharraingt agus gnóthaí eile a dhéanamh. Seans gurbh é siúd an t-am céanna a mbíodh daoine ag spailpínteacht thoir ar an Achréidh agus taobh thoir de Ghaillimh ach is iondúil nach mbíodh de bhealach taistil acusan, na creatúir, ach de shiúl a gcos nó crágaíl, mar a deirtear. Ach ag filleadh ar ais ar Dhroichead an Daingin, deirtear gur beag nár maraíodh an Dr. Tubridy anseo. É ag teannadh leis, bhí an droichead réidh le noscailt. Is cosúil go raibh Dia go huile agu go hiomlán i bhfabhar leis. Seans go bhfuil níos mó seanchais ná sin ag baint le Droichead an Daingin ach é a thóraíocht. Níl sé ró-fhada ó bhí fear ag caint ar an Raidió faoin achar a chaith sé féin i bhfeighil an droichid. Fear de mhuintir Fhlathartach a bhí ann. Is cinnte go raibh stair aige sin faoin droichead.

Droichead na Foirnéise

Is i gCamus nó ar an teorainn idir Camus agus Scríb atá Droichead na Foirnéise, nó a bhí ba chirte dom a rá, mar go bhfuil obair á dhéanamh ar thógáil droichid nua ansin le tamall. Droichead stairiúil a bhí sa seandroichead. Níl a fhios agam féin arb iad Bord na gCeantar Cúng nó an C.D.B. a thóg an droichead seo a bhí i bhfeighil anseo faoi rialtas Shasana (blianta stairiúla). B'iomaí píosa bóthair agus droichid a thóg an C.D.B. faoi Rialtas Shasana san am i gConamara idir na blianta 1891-1923.

Bhí foirnéis timpeall ar Dhroichead na Foirnéise agus iarann á dhéanamh ann. Bhí sé ráite, fiú, go raibh claimhte á ndéanamh ann. Bhí blúire beag den stair ag Pat Ó Máille (nach maireann) agus bhí sé san leabhrán Camus na Foirnéise a foilsíodh roinnt de bhlianta ó shin. Ar ndóigh bhí an fhoirnéis ag obair ansin san 17ú Céad, le linn aimsir Ghráinne Uí Mháille. Deirtear gur tháinig buíon saighdiúirí Sasanacha amach as Gaillimh le go réabaidís an fhoirnéis ach chuir Gráinne Ní Mháille nó 'Granuaile' agus a cuid saighdiúirí cath orthu agus d'éirigh léi an ruaig a chur orthu. Níor réabadh an fhoirnéis an lá sin cibé scéal é a bhuíochas sin do bean chróga Mhaigheo.

Droichead An Torainn

Is idir Gleann Trasna agus Crosbhóthar an Mháma atá an droichidín beag seo. Tugadh Droichead an Torainn air de bharr go bhfuil torann an easa le cloisteál. Ar lá an-bhreá nach mbeadh smeámh aer ann, bíonn torann an uisce ag rith le fána le cloisteáil i bhfad agus i ngearr. Níl mórán staire thairis sin agamsa faoi ach de réir cosúlachta ba iad an C.D.B. a thóg é agus deirtear gur leag an sean I.R.A. an droichead aimsir na nDubhchrónach nó aimsir na dTans fadó le nach mbeadh deis acu a theacht níos faide ach is cinnte go bhfaigheadh siad san deis éicint eile dá mba é a dtoil é. Tá cáil mhór freisin ar Dhroichead an Torainn ó thaobh na héisc agus iad ar a mbealach suas ann ag triall ar na haibhneacha agus na lochanna.

Droichead Flannery

Tógadh an chéad droichead ar an láthair sa mbliain 1887, ag ceangailt an bhóthair aniar ó Choill Sáile leis an mbóthar anoir ó Loch an Aortha. Ainmníodh an droichead in onóir Thomas Flannery, sagart a bhi i gCarna ag an am, agus a rinne go leor ar son na háite.

As girders iarainn a tógadh an chéad droichead, iad coinnithe suas ar philéir cloiche. Ní raibh i leithead an droichid ach 6'6". Feictí lorraí ag iarraidh é a thrasnú agus na rothaí ar na cosáin ar an dá thaobh. Ag tús na gcaogadai, socraíodh nach raibh an droichead fóirstineach níos mó don riachtanais tráchta, agus cinneadh ar dhroichead úr a chur ina áit.

Bhí deacrachtaí le tógáil an droichid. I ndeireadh na dála socraíodh droichead le réise (span) amháin de 180' ar fhad a thógáil, ag baint usáid as teicneolaíocht nua tógála, ar a ghlaotar i mBéarla prestressed concrete, nach raibh usáidte cheana sa tír seo roimhe sin. Ba é an droichead leis an réise is faide a tógadh suas go dtí sin in Éirinn nó sa Bhreatain. Bhí leithead 18' sa mbóthair ar an droichead nua agus bhí dhá chosán 4'6" ann chomh maith.

Roe Quarry Company a thóg é, agus b'é Nioclás Ó Duibhir a bhí mar innealtóir comhairleach acu. Bhí baint ag an British Reinforced Con¬crete Company (BRC) leis chomh maith. Bhí an tOllamh Seán de Courcy, as Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ina phríomhinnealtóir ag BRC tráth agus is uaidh a fuaireas an pictiúr seo a tógadh i 1954 den fhoireann oibre agus an droichead nua á thógáil.

Tá seans go bhfuil cuid mhaith de na daoine sa ghrianghraf beo i gcónaí. Ba bhreá liom níos mó eolais a fháil faoi thógáil an droichid ó dhaoine a bhí ag obair air ag an am nó eolas a fháil faoi na daoine atá sa ghrianghraf.

Éamonn Ó Canainn, An Roinn Innealtóireachta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Ár mbuíochas leis an Ollamh Seán de Courcy a chuir an ghrianghraf thus ar fáil.

 Grúpa fear a bhí ag obair ar Dhroichead Flannery, Cill Chiaráin, i 1940.

Grúpa fear a bhí ag obair ar Dhroichead Flannery, Cill Chiaráin, i 1940. An aithníonn sibh iad?