Skip to main content

Teach Mór na bhForbacha: 1585-1936

 Teach Mór na bhForbacha.

Teach Mór na bhForbacha

Liam Ó Gráinne

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1991. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Surrender and Regrant

De réir pholasaí Surrender and Regrant Éilís 1 - Banríon Shasana (1558–1603) - ghéill Murchadha na dTua Ó Flatharta ó Chaisleán Achaidh an lúir in Uachtar Ard agus Ruairí Ó Flaithearta ó Chaisleán Mhaigh Cuilinn (seanathair an údair ón bPáirc) a gcuid taillte don choróin sa bhliain 1585. Shínigh an bheirt acu conradh (Composition of Connaught 1585) le Sir John Perrotte, fear ionaid na Banríona. (Ba le Ruairí talamh na bhForbacha ag an am sin). Bronnadh na taillte ar ais arís orthu ar choinníoll go gcuirfidís dlíthe agus custaim Shasana chun cinn ina ndúiche féin. Theastaigh ón gCoróin go gcuirfí deireadh leis an seanchóras Gaelach, go háirithe Dlíthe na mBreithiún -cearta oidhreachta srl. Feicimid ó na cáipéisí gur bronnadh 500 acra talún (cheithre cheathrú) ar Mharcus Linch Fitz Nichollas of Furboghe, gent, sa bhliain sin - 1585. (Ba le linn an ama seo a roinneadh Cúige Chonnacht suas ina chondaetha).

An Chéad Ghall- Marcus Linch Fitz Nichollas

Chomh fada agus is eol dúinn ba é Marcus Linch Fitz Nichollas an chéad Ghall le cur faoi sna Forbacha. Thóg sé foirgneamh de shaghas éigin in aice na háite ar a bhfuil seanbhallaí an Tí Mhóir inniu. Scríobh John Durston sa bhliain 1699 - "Six miles beyond Galway is a place called Lynche's Folly from the extravagant design of the owner who endeavoured to raise amount in his garden to such a height as to overtop a high mountain at the foot of which it is situated so as to have a view of the sea and the neighbouring country."

Na Bláca (Blakes) Tús 17ú Aois

I ndiaidh na Loinsigh tháinig na Bláca agus chuireadar fúthu ar an ionad céanna. Bhí an suíomh seo an fheillteach mar bhí sí in aice na habhann, in áit foscúil agus cóngarach go leor don trá agus don fharraige. Ba thrádálaithe mhóra i gcathair na Gaillimhe iad na Bláca. Tháinig a sinsir anall go hÉirinn le Strongbow sa bhliain 1169. Tháinig siad go Gaillimh sa 13ú aois nuair a bhí ceannas ag Riocard de Búrca (The Red Earl) ar an mbaile sin. Bhí caisleán mór acu ag Mionloch ar bhruach Abhainn na Coiribe. Ba daoine móra le rá iad i nGaillimh go ceann i bhfad ina dhiaidh sin. Bhíodar ar cheann de Threabhacha na Gaillimhe áit a raibh 14 treabh ar fad.

An Teach Mór

Bhí cúpla seanteach ag na Bláca sna Forbacha sular tógadh an Teach Mór deiridh sa bhliain 1841. Ba Tiarnaí Talún iad a raibh pribhléidí faoi leith acu. Ba leo an talamh ó Dhoire Locháin go Cnoc na Gréine. Ligeadar an chuid ba mhó de amach ar cíos le tionóntaí. Bhíodar géar go leor. Bhíodh ar na tionóntaí lá oibre saor in aisce a thabhairt dóibh uair sa tseachtain. Bhí orthu tuí a thabhairt dóibh le haghaidh stáblaí na gcapall. Bhíodh fear faire acu ag an túr beag in aice le Sruthán na Líbirte (Cnoc na Gréine) le stop a chur le tuí ag dul soir ó na Forbacha ar mhargadh na Gaillimhe. Ba Chaitlicigh iad agus dá bhrí sin is dócha nár chuir na Dlíthe Peannaideacha (Penal Laws) isteach chomh mór ar thionóntaithe na bhForbacha ó thaobh creideamh de agus a chuir siad ar thionóntaithe eile ar fud na tíre. Tá seans maith gur chuir siad tionóntaithe as seilbh nuair nach mbídís in ann an cíos a íoc. Bhí droch-cháil ceart ar Thiarnaí Talún an larthair san 18ú aois ..."Haughty Landlords...who are absolute sovereigns over their respective towns and clans. Their…oppressive measures have almost depopulated the Province" - Hibernia Curiosa, Dublin, 1769.

Saol na mBlácach

Is dócha go raibh saol breá sóisialta ag Bláca na bhForbacha. Bhí freastalaithe agus searbhóntaithe (Gents' Stewards) acu. Bhí capaill agus cóistí acu. Bhí coin (hounds) agus gadhair (dogs) acu le dul ag fiach leo. Is dócha go mbíodh togha gach bia agus rogha gach dí acu - bradáin ón abhainn agus fíon ón Spáinn. (Bhíodh bradáin go flúirseach ar abhainn na bhForbacha an uair úd). Bhí abha fhada fhairsing ón Teach Mór go dtí an Bóthar (Bealach) Mór. Bhí geata mór galánta (Grand Gate) ag ceann thíos an aibhinne agus teach geata díreach trasna uaidh. Ar chúl an Tí Mhóir bhí stáblaí ag na searbhóntaithe. Ar an taobh thiar den abhainn bhí an choill (mar atá i gcónaí) a chlúdaigh suas le ceathracha acra de thalamh garbh. Bhí balla breá cloiche timpeall le ciumhais na coille agus bhí sé ráite go raibh mallacht éigin ar an áit mar nár luigh aon phréachán 'riamh i gCoill na bhForbacha. Thug comhlacht Mháirtín Mhóir Mhic Dhonnchadha as Gaillimh a lán adhmaid as an gCoill seo sa bhliain 1938. Tá gairleog le fáil i gcónaí in áiteacha ar fud na coille.

An Garraí Mór

Bhí an garraí mór os comhair an Tí Mhóir agus balla mór ard thart air. Bhí tornóg ann - áit a ndóití cloch aoil le haol a chur ar fáil mar leasú talún. Bhí garraí na tornóige díreach ó thuaidh den gharraí mór.

Cúrsaí Farraige

Caithfidh sé go raibh eolas maith ag na Bláca ar bhádóireacht agus ar chúrsaí farraige. B'iad féin a thug an chloch aoil trasna an Chuain ó Chondae an Chláir leis an Teach Mór a thógáil sa bhliain 1841. Tháinig siad i dtír ag céibh bheag a bhí tógtha acu in aice leis an trá. Tharraing capall agus carr na clocha móra caol díreach go dtí suíomh an tí. Tá lorg an chosáin ansin go fóill.

Suíomh an tSéipéil- Léana bhán na Péice

B'iad na Bláca a bhronn suíomh an tséipéil - léana bhán na péice - áit ar tógadh Réalt na Mara sa bhliain 1933. Le fada roimhe sin théadh muintir na bhForbacha go Bearna ar Aifreann. Is ann thoir, ar bhóthar na céibhe atá an tseanreilig, áit a bhfuil formhór de sheanfhondúirí na háite curtha. An clog atá anois ar shéipéal na bhForbacha b'é a bhí tráth thuas ag an Teach Mór. Ní bhuailtear an clog sin níos mó ach bhí uair ann, thart ar thríocha bliain ó shin a mbuailtí an clog sin go rialta gach Domhnach ag fógairt an Aifrinn don phobal. Ag ceann thoir an tséipéil tá tuamba, áit a bhfuil ceathrar de na Bláca curtha. Le linn aimsir na Trioblóide 1922 rinneadh treascairt ar an tuamba mar ar baineadh an miotal de na cónraí. Bhí séipéilín beag príobháideach ag na Bláca féin faoi dhíon an Tí Mhóir. Bhí Cillín, áit a gcuirtí páistí nach raibh baistithe, i ngarraí anuas ón ngarraí mór. Tá sé clúdaithe le sceacha agus le tomacha inniu.

Sé ghlúin de na Bláca sna Forbacha

Sé ghlúin díobh ar fad a chur fúthu sna Forbacha ach bhí trí ghlúin eile acu a raibh úinéireacht acu ar an áit suas go dtí 1936. Aindriú an t-ainm a bhí ar an gcéad duine acu a chur faoi san áit agus bhí sé pósta le bean de na Máirtínigh. Bhásaigh sé sa bhliain 1687. Bhí ceangal dlúth gaoil idir na Bláca agus treabhacha eile na Gaillimhe. Ba bheag déileáil a bhíodh ag na treabhacha seo leis an ngnáthmhuintir ("the mere Irish"). Níorbh ionann iad agus roinnt Normánach eile (na Búrcaí) a phós Gaeil, a labhair a dteanga agus a bhféadfaí a rá fúthu go rabhadar "níos Gaelaí ná na Gaeil iad féin." Ba dhream iontu féin iad na treabhacha - ba leo Cathair na Gaillimhe, bhí trádáil mhór ar siúl acu leis an Spáinn, leis an bhFrainc agus le háiteacha eile san Eoraip. Bhíodar beag beann ar an saol Gaelach. Bhí balla mór ard timpeall na Cathrach agus ba bheag fáilte a bhí roimh an dream taobh amuigh. "Neither O ne Mac should strutte ne swagger through the streets of Galway". Maidir leis an trádáil a bhíodh ar siúl idir Chathair na dTreabh agus páirteanna eile den Eoraip, craicne beithíoch agus olann ba mhó a sheoltaí amach; fíon agus salann is mó a thagadh isteach.

Blácaigh na bhForbacha (Sé ghlúin)

  1. Andrew Blake, Marchant of Galway, married Christina Martyn, died 1687
  2. Frances Blake m. Jane Martyn.
  3. Thomas Blake m.
  4. Francis Blake m. 
  5. Colonel John Blake
  6. Andrew William Blake, born 1798 m. 1832 Julia Maria Daly of Raford, Co. Galway.

Aindriú Liam Bláca

B'é Aindriú Liam (Uimhir 6 thuas) a b'fhearr a raibh aithne air sna Forbacha. Rugadh eisean sa bhliain 1798, bliain éirí amach na nÉireannach Aontaithe. Ba lena linn a tháinig an chéad Ghráinneach go dtí na Forbacha mar ghabha ceartan in Aill an Phréacháin (1820). B'é Aindriú Liam a bhronn suíomh na seanscoile i gCnocán an Bhodaigh, a tógadh sa bhliain 1842. Athosclaíodh an seanscoil ar an Déardaoin 4ú lúil 1991 mar Ionad Pobail na bhForbacha. An tAire Stáit, Pádraic (Cope) Ó Gallchobhair a rinne an oscailt agus a chur tús le Féile na bhForbacha a bhí eagraithe ag an gCumann Forbartha don deireadh seachtaine.

Edmund Martin Blake

Bhí beirt deartháir ag Aindriú Liam, Edmund agus Seán Buí. Bhí talamh Dhoire Locháin mar chuid de Eastát Edmund Martin Blake suas go dtí 1915 nuair a thóg Bord na gceantar cúng anonn é. Roinn an Bord amach é ar shealbhóirí beaga. B'é Edmund an méara deiridh (1831-41) ar Ghaillimh go ceann blianta fada. Ní raibh aon mhéara eile ann - easpa airgid - go dtí 1937. Thug Bárdas na Cathrach Claíomh agus Más na Gaillimhe mar íocaíocht do Edmund in ionad airgead. Dhíol iníon Edmund na hearraí luachmhara seo (siombail an mhéara) ar £4,000 sa bhliain 1930. Tugadh amach as an tír iad ach bhronn Hearst Mheiriceá ar ais ar an gCathair iad sa bhliain 1960. Tá siad le feiceáil anois i mBanc na hÉireann ar an bhFaiche Mhór.

Seán Buí Bláca

Sa bhliain 1806 a rugadh Seán Buí nó Seán Sunday mar a thugtaí air. Is cosúil go raibh fiacha air mar théadh sé i bhfolach i mbothán i lár na coille. Ní thagadh sé amach ach ar an Domhnach mar nach bhféadfaí an dlí a chur air ar an lá sin. Báille a bhí ann. Ní raibh aon ghean ag na tionóntaithe air. Maraíodh le hurchair gunna é agus é ag teacht ó Aifreann thoir in aice le Baile Locha Riach sa bhliain 1882. Bhí cogadh na talún faoi lán-tseoil ag an am. Tá sé curtha sa tuamba ag séipéal na bhForbacha.

"Hi for Blake and Daly"

Julia Maria Daly, iníon leis an Dálach Mór ó Raford, Baile Átha an Rí, a bhí pósta ag Aindriú Liam Bláca. "Hi for Blake and Daly agus pléidís fhéin le chéile é!" Is cosúil go mbíodh easaontas ann! Bhí seachtar clainne ar Aindriú Liam. John Archer a bhí ar an duine ba shine a rugadh sa bhliain 1835. Ghlac sé le sloinneadh a mháthar, Daly. Bhí sé ina choirnéal ar na Connaught Rangers. Colonel Daly a thugadh muintir na bhForbacha air. Bhí sé pósta le Lady Anne Elizabeth Charlotte Nugent, iníon leis an 9ú larla ar an larmhí. Ba leo Marino Lodge san áit a bhfuil Óstán Chósta Chonamara anois.

An t-úinéir deiridh de Shliocht na mBlácach

B'í Mrs. Denise Drew an t-úinéir deiridh de shliocht na mBlácach ar Theach Mór na bhForbacha. (Bhí sí pósta cúpla uair, Cole, Winterbollom). Ba gar-iníon í do Colonel Daly - b'í iníon an Choirnéil í. Dhíol sí an áit sa bhliain 1936. Bhí Ré na mBlácach sna Forbacha - 350 bliain - thart.

Teach Mór na bhForbacha: 1585-1936