Níl céibh ná caladh i gConamara, ná ar chósta na Gaillimhe, nár casadh Joe John ann le linn na blianta fada a chaith sé ag ceannacht fheamainne do Arramara Teo. Is iomaí duine ar chuir sé punt ina bpóca. ln áiteacha eile sa tír agus taobh amuigh don…
Is ceist le cur céard is brí le sean-nós? Is ceist freisin ná céard is nua-nós ann? Is furasta míniú a thabhairt ar nua nós, b'fhéidir. Is minic go ndéantar iarracht sean-nós a mhíniú nuair a bhíonn comórtaisí sean-nóis ar siúl cosúil le comórtaisí…
Tá an gheamaireacht Cóilín Phádraig Shéamais a scríobh Joe Steve Ó Neachtain do Phléaráca, le taisteal go Londain sa bhFómhair. Léireofar Cóilín Phádraig Shéamais ar an Domhnach 29 Deireadh Fómhar, in lonad na nGael (The Irish Centre) i gCamden…
Is dóigh gur féidir a rá gur beag lá nach bhfuil amhrán nó dhó a chum Tom a tSeoige le cloisteáil ar an Raidió. Cloisfidh tú iad, ar maidin is sa tráthnóna, ar chláracha faoi bháid is faoi churachaí, agus is deacair clár iarrataisí a shamhlú, gan…
Seo an tuairisc a thug Seosamh Ó Cuaig ar Raidió na Gaeltachta do Mháirtín Jaimsie ar an oíche áirneáin i Scoil na hAirde Móire, Cill Chiaráin, anuraidh le linn Pléaráca Chonamara. Beidh oíche áirneáin aríst ann i mbliana ar an Déardaoin 15ú.
Thíos ar shochraid Dhiarmaidín Uí Shúilleabháin i gCúil Aodha a bhí go leor de phobal Éigse na hÉireann nuair a scaip an scéala go raibh Seán Chóilín Ó Conaire as Ros Muc, fonnadóir cáiliúil eile, caillte freisin. Níorbh ionann is bás anabaí…
Cóilín Phádraic Shéamuis (Pádraig Ó hAoláin): Ó saolaíodh tú is mairg a rá,/Go raibh an long anonn i ndán duit,/Bhí sé romhat de shíor go mbeifeá lá,/I measc na n-imirceánach/Tá long ag dul anonn inniu,/A Chóilín Phádraic Shéamuis,/Agus imigh leat…