Beidh An Temporary ag ceol i gColáiste Lurgan ar an Aoine 21 Bealtaine. Tá an dream óg seo ag baint cáil amach dhóibh fhéin le tamall anois. Chuaigh Síle Ní Scanláin chun cainte le hEoin Ó Muirí-Ó Conghaile chun tuilleadh eolais a fháil faoin ngrúpa.
Bhásaigh duine de na ceoltóirí is mó cáil as Conamara an Samhradh seo. Bhí ainm Festy Conlon luaite leis an bhfeadóg stáin go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. D'iarr muid ar Shéamas Ó Cualáin as an Spidéal cur síos ar a chara agus a fhear…
Ba i mBaile an Dónalláin i bhfoisceacht leathmhíle de shráidbhaile an Spidéil a saolaíodh Pádraig 'Ac Coisdeala (Peait Sheáin Tom), duine de na Gaeil ba dhílse dár chuir cos i mbróig riamh. Chuir sé suim i ngach ar bhain le saíocht Chlainne Gael is…
Fearacht Raiftearaí nár lig an tairscint ar cairde nuair a fuair sé an cuireadh go Baile Uí Laoi, nuair a d'iarr Pléaráca ormsa an mbeadh suim agam a theacht leo go Ffostrosrol na Breataine Bige, thoiligh mé ar a dhul. Bhí an-cháil cloiste agam ón…
Is amhránaí agus cumadóir cáiliúil í Deirdre Ní Chinnéide. Cloistear í go minic ar raidió agus ar an dteilifís ag casadh amhrán, idir Ghaeilge agus Bhéarla. Is minic í ag féilte ceoil in Éirinn agus thar lear ag féilte ar nós Féile lnterceltique…
Tá Cór Náisiúnta na hÉireann faoi stiúir Celso Antunes ar camchuairt timpeall na hÉireann an Fómhar seo. An Mháirt an 5/10/04 beidh siad i Séipéal na Deastógála i gCamus, ar an gCéadaoin 6/10/04 i gCill Rónáin, Inis Mór agus an Déardaoin in Áras…
Seo an tuairisc a thug Seosamh Ó Cuaig ar Raidió na Gaeltachta do Mháirtín Jaimsie ar an oíche áirneáin i Scoil na hAirde Móire, Cill Chiaráin, anuraidh le linn Pléaráca Chonamara. Beidh oíche áirneáin aríst ann i mbliana ar an Déardaoin 15ú.