Title
Eagarfhocal na hIrise
Subject
An Timpeallacht; An Ghaeilge; An Ghaeltacht
Description
Ní thuigimid luach ruda go mbíonn orainn scaradh leis nó go bhfeicimid é ag feo os ár gcomhair. Nuair a bhí timpeallacht ghlan shláintiúil againn, níor smaoinigh mórán againn ar a tábhacht. Mar gheall ar truailliú agus baol a scriosta, tá ceist na timpeallachta ar an gcloch is mó ar phaidrín go leor polaiteoirí. Scór bliain ó shoin, ní mórán cainte a dhéantaí ar cheist na teanga anseo i gConamara. Bhíodh ábhar cainte i bhfad níos spéisiúla ann agus ní raibh aon chosúlacht ar an scéal go raibh aon baol ann don Ghaeilge i gcroílár Chonamara. Ach is ceist mhór anois í, an mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail anseo i nDeisceart Chonamara. Níl aon mhaith dallamullóg a chur orainn féin. Tá an Ghaeilge ag dul i léig sa phobal seo agus is cás linn é sin.
Creator
An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 1991
Source
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Date
1991
Rights
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
PL1991A01
Extent
1200 focal