’I'll Never Go Back Now!’

http://plearaca.ie/files/PL1991A03_opt.pdf

Title

’I'll Never Go Back Now!’

Subject

Scéalta Pearsanta; An Ghaeltacht; Conamara

Description

Tá fiche bliain de mo shaol caite agam sa i nGaeltacht Chonamara agus Árainn, agus tá súil agam cibé saol atá i ndán dom a chaitheamh inti freisin. Cé go mbíonn ar shagairt dul san áit a gcuirtear iad, tuigeann formhór na n-easpag anois nach maith do shagart ná don phobal duine a bheith san áit nach dtaitníonn leis. Tá an rogha tugtha domsa ag m'Ardeaspag an Ghaeltacht a fhágáil, má thograím. Ach tá a fhios ag an Dr. Seosamh Ó Caiside gurb í an Ghaeltacht mo rogha. Tuige? Ceist mhaith. Ceist nach bhfuil mé in ann í a fhreagairt go héasca. Baineann sé le spiorad a bhraithim sna daoine. Baineann sé le hÉireannachas, cé nach ndéarfainn ag an am céanna gur lú mar Éireannaigh mo mhuintir i Maigh Eo nach bhfuil aon Ghaeilge acu, nó gur lú mar Éireannaigh iad Aondachtóirí an Tuaiscirt. Ach is sa Ghaeltacht a fhaighim an tÉireannach is mian liomsa mé féin a bheith. Baineann sé seo, feictear dom, leis an spiorad dochloíte nár mharaigh drochthalamh, bochtanas, coilíneacht, Béarla, imirce, piúratánachas, polaitíocht na bpáirtithe, turasóireacht an Chomhphobail Eorpaigh. Mhair, maireann agus mairfidh an Ghaeltacht tríd seo ar fad, ach misneach a choinneáil.

Creator

Pádraig Standún

Source

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Date

1991

Rights

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Language

ga

Type

Téacs

Identifier

PL1991A03

Extent

650

Spatial Coverage