Teach Mór na bhForbacha: 1585-1936

http://plearaca.ie/files/PL1991A09_opt.pdf

Geolocation

Title

Teach Mór na bhForbacha: 1585-1936

Subject

Stair; Conamara

Description

De réir pholasaí Surrender and Regrant Éilís 1 - Banríon Shasana (1558–1603) - ghéill Murchadha na dTua Ó Flatharta ó Chaisleán Achaidh an lúir in Uachtar Ard agus Ruairí Ó Flaithearta ó Chaisleán Mhaigh Cuilinn (seanathair an údair ón bPáirc) a gcuid taillte don choróin sa bhliain 1585. Shínigh an bheirt acu conradh (Composition of Connaught 1585) le Sir John Perrotte, fear ionaid na Banríona. (Ba le Ruairí talamh na bhForbacha ag an am sin). Bronnadh na taillte ar ais arís orthu ar choinníoll go gcuirfidís dlíthe agus custaim Shasana chun cinn ina ndúiche féin. Theastaigh ón gCoróin go gcuirfí deireadh leis an seanchóras Gaelach, go háirithe Dlíthe na mBreithiún - cearta oidhreachta srl. Feicimid ó na cáipéisí gur bronnadh 500 acra talún (cheithre cheathrú) ar Marcus Linch Fitz Nichollas of Furboghe, gent, sa bhliain sin - 1585. (Ba le linn an ama seo a roinneadh Cúige Chonnacht suas ina chondaetha).

Creator

Liam Ó Gráinne

Source

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Date

1991

Rights

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Language

ga

Type

Téacs

Identifier

PL1991A09

Extent

1800